Bogearraí aghaidh-aitheanta úsáidte ag SPTÉ níos mó ná 2,000 uair le 4 bliana anuas

Tháinig na sonraí chun solais i bhfreagra ar cheist ón Chomhalta den Tionól Reachtach Gerry Carroll

Jack Mac Íomhair 

De réir figiúirí a tháinig chun solais an tseachtain seo, bhain Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) úsáid as bogearraí aghaidh-aitheanta conspóideacha níos mó ná 2,000 uair ó mhí na Samhna 2021. 

Chuir Gerry Carroll, comhalta den tionól reachtach de chuid Phobal seachas Brabús, ceist ar an Aire Dlí agus Cirt cé mhéad uair a baineadh úsáid as an áis aghaidh-aitheanta i mbunachar sonraí na bpóilíní. 

Scríobh Naomi Long a freagra ag deimhniú gur bhain SPTÉ úsáid as 2,153 uair ó mhí na Samhna 2021. 

Is córas comhroinnte eolais é bunachar sonraí na bpóilíní in Oifig Gnóthaí Baile an rialtais.

Tá cáineadh déanta ar an chóras ag roinnt grúpaí, agus tháinig sé chun solais i mí na Nollag go raibh an córas aghaidh-aitheanta atá in úsáid claonta in aghaidh ban, daoine óga, agus baill de ghrúpaí mionlach eitneach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!