Ó tarraingíodh an iaruachtarán ar na Stát Aontaithe, Bill Clinton, agus a iar-Chéad Bhean, Hilary Clinton, os comhair an Choiste Tí um Maoirseacht agus Leasú Rialtais de chuid Theach na nIonadaithe na Stát Aontaithe, nochtaíodh nasc suntasach idir an t-iar-Uachtarán agus Jeffrey Epstein, fear anois a mbaineann fíor-dhroch-cháil amach is amach leis. Tá conspóid mhór ann sna Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain maidir le liosta daoine cumhachtacha le neart tionchair a raibh caidreamh acu le hEpstein.
In 2019 mhaígh na húdaráis gur chuir Epstein lámh ina bhás féin agus é faoi ghéibheann as a choireanna a bhí á bhfiosrú ag an am, cé go gcreideann níos mó gur dúnmharaíodh é ina chillín. B’iar-airgeadaí é a bhfuil míchliú agus mícháil ag baint leis toisc an mhí-úsáid chórasach ghnéis a rinne sé ar líon mór cailíní faoi aois ina ndéaga.
Chuir sé cuid mhór de na cailíní faoi aois seo ar fáil do dhaoine cumhachtacha ar mhaithe le faoiseamh gnéis a sholáthar. Líomhnaítear freisin go raibh Epstein agus a pháirtí Ghislaine Maxwell ag gníomhú do rúnseirbhísí faisnéise Iosrael Mossad ar mhaithe le kompromat a bhailiú ar dhaoine cumhachtacha ar mhaithe le leas a bhaint astu trí dhúmháil, nós atá comónta go leor i measc rúnseirbhísí faisnéise i gcoitinne.
Ar na cailiní a labhair amach faoin méid seo bhí Virginia Giuffre nuair a nocht sí an mhí-úsáid chórasach a bhí ar siúl ag Epstein agus a pháirtí Ghislaine Maxwell le cailíní faoi aois cosúil léi féin a chur ar fáil do dhaoine cumhachtacha, daoine ar nós an Phrionsa Aindriú ó Theaghlach Ríoga Shasana agus neart eile. Anuraidh chuir sí lámh ina bás féin.
Le linn fhiosrú an choiste nochtadh grianghraif de Bill Clinton ag snámh i linn snámha le Epstein, Maxwell agus cailín óg in áitreamh san Áise tar éis aistear fada taistil ar eitleán. Dúirt Clinton nach bhfaca sé aon rud mícheart agus nach raibh aon rud mícheart déanta aige fad is go raibh aon chaidreamh aige le hEpstein. D’admhaigh sé go bhfuair sé “suathaireacht mhuinéil” ó dhuine de na cailíní a bhi ag taisteal “de bhrí gur aistear fada a bhí ann”, ach nach raibh “aon chaidreamh gnéis i gceist.”
I gcás Hilary Clinton, mhaígh sí go lom nach raibh aon aithne aici ar Epstein nó ar Maxwell agus nár chas sí leis riamh. Cé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach raibh aon fhíorchaidreamh ag Hilary le Epstein, nocht an coiste grianghraf a léiríonn go raibh Epstein agus Maxwell i láthair ag bainis Chelsea Clinton, iníon le muintir Clinton.
Cothaíonn an chonspóid leanúnach tuairim do chuid mhaith de chosmhuintir Mheiriceá agus do mhuintir an domhain go bhfuil a máistrí sa chóras caipitlíoch lofa agus cam amach is amach agus nach féidir brath ar oiread is focal a deir siad. Tá uachtarán reatha na Stát Aontaithe luaite leis an liosta chomh maith le réimse mór daoine cumhachtacha agus iomráiteacha, ní hamháin i Meiriceá ach ar fud an domhain.