D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, go bhfuil ciste caipitil breise €235,000 ceadaithe aige chun tacú le hearnáil na pleanála teanga. Rinne sé an fógra agus é i láthair ag an Mórthionól Pleanála Teanga i gCaisleán an Bharraigh Dé Luain an 2 Márta 2026.
Beidh an maoiniú ar fáil ar feadh tréimhse cúig bliana agus roinnfear é idir Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. As an iomlán ceadaíodh €155,000 d’Údarás na Gaeltachta agus €80,000 d’Fhoras na Gaeilge chun trealamh riachtanach oibre a chur ar fáil d’oifigigh pleanála teanga atá ag feidhmiú i limistéir éagsúla.
Laistigh den Ghaeltacht bainfidh 26 limistéar pleanála teanga agus trí bhaile seirbhíse Gaeltachta leas as an gciste seo faoi chúram Údarás na Gaeltachta. Ina measc tá ceantair ar nós Thuaisceart Dhún na nGall, Chonamara Láir, Chois Fharraige, Oileáin Árann, Mhúscraí, Chiarraí Thiar agus Ráth Chairn agus Baile Ghib. Lasmuigh den Ghaeltacht, cuirfear an maoiniú ar fáil do 13 bhaile seirbhíse Gaeltachta agus trí líonra Gaeilge faoi scáth Fhoras na Gaeilge, lena n-áirítear Leitir Ceanainn, Cathair na Gaillimhe, Cathair Chorcaí, Trá Lí, an Uaimh, Cluain Dolcáin agus Inis.
Tagann an cinneadh seo sna sála ar mholtaí a rinneadh san athbhreithniú neamhspleách ar an bpróiseas pleanála teanga, inar leagadh béim ar an ngá le hacmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do gach limistéar pleanála teanga chun an obair a chur i gcrích go héifeachtach. Aithnítear go mbeidh an ciste caipitil seo mar thacaíocht phraiticiúil do na hoifigigh pleanála teanga agus iad i mbun feidhme ar an talamh.
Ag labhairt dó ag an bhfógra, dúirt an tAire Calleary go raibh sé “an-sásta an deontas seo a cheadú” agus gur léiriú eile é ar thiomantas an Rialtais don phróiseas pleanála teanga. Dúirt sé go gcinnteoidh an maoiniú go mbeidh an trealamh cuí oifige ar fáil do na hoifigigh atá ag obair sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge.
Táthar ag súil go gcuirfidh an infheistíocht seo borradh breise faoin obair atá ar bun chun éiceachóras láidir teanga a chothú agus a fhorbairt ar fud na tíre, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon.
Liosta de na LPTanna agus BSGanna laistigh den Ghaeltacht (faoi chúram Údaras na Gaeltachta)
| Uimhir an LPT | Limistéar Pleanála Teanga |
| 1 | Tuaisceart Dhún na nGall |
| 2 | Cloich Chionnaola |
| 3 | Toraigh |
| 4 | Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir |
| 5 | Na Rosa |
| 6 | Árainn Mhór |
| 7 | An Ghaeltacht Láir |
| 8 | Dún na nGall Theas |
| 9 | Maigh Eo Thuaidh |
| 10 | Maigh Eo Thiar |
| 11 | Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh |
| 12 | Conamara Láir |
| 13 | An Cheathrú Rua |
| 14 | Ceantar na nOileán |
| 15 | Oileáin Árann (Árann) |
| Oileáin Árann (Inis Meáin) | |
| Oileáin Árann (Inis Oírr) | |
| 16 | Cois Fharraige |
| 17 | Maigh Cuilinn |
| 18 | Bearna & Cnoc na Cathrach |
| 19 | Oirthear Chathair na Gaillimhe |
| 20 | An tEachréidh |
| 21 | Ciarraí Thiar |
| 22 | Ciarraí Theas |
| 23 | Múscraí |
| 24 | Cléire |
| 25 | Ná Déise |
| 26 | Ráth Chairn & Baile Ghib |
| Uimhir an LPT | Bailte Seirbhíse Gaeltachta |
| 1 | Daingean Uí Chúis |
| 2 | An Clochán Liath |
| 3 | Béal an Mhuirthead |
Liosta de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht (faoi chúram Fhoras na Gaeilge)
| Uimhir | Bailte Seirbhíse Gaeltachta |
| 1 | Leitir Ceanainn |
| 2 | Cathair na Gaillimhe |
| 3 | Cathair Chorcaí |
| 4 | Trá Lí |
| 5 | Dún Garbhán |
| 6 | Baile Dhún na nGall |
| 7 | Caisleán an Bharraigh |
| 8 | Baile an Róba |
| 9 | An Clochán |
| 10 | Cathair Saidhbhín |
| 11 | Maigh Chromtha |
| 12 | Baile Átha Buí |
| 13 | An Uaimh |
| Uimhir | Líonraí Gaeilge |
| 1 | Baile Locha Riach |
| 2 | Cluain Dolcáin |
| 3 | Inis |