Údarás na Gaeltachta ag tacú le soláthar deiseanna foghlama Gaeilge d’fhostaithe Gaeltachta

Tá comhpháirtíocht nua á fógairt ag Údarás na Gaeltachtale Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma chun líon cúrsaí Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil d’fhostaithe i ngnólachtaí Gaeltachta ar fud na Gaeltachta.

Is é an eagraíocht Gaelchultúr a bheidh ag reáchtáil na gcúrsaí, atá aitheanta ag QQI ar leibhéil 2-6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Is cúrsaí páirtaimseartha ar líne, rang amháin in aghaidh na seachtaine ar feadh 12 sheachtain, atá i gceist agus cuirfear tús leo i mí an Mhárta.

Cuirfear béim sna cúrsaí ar scileanna teanga praiticiúla agus ar chumarsáid mhuiníneach, ag freastal ar fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal:

  • Leibhéal 2 (A1) do dhaoine gan mórán Gaeilge
  • Leibhéal 3 (A2) do dhaoine gan mórán Gaeilge
  • Leibhéal 4 (B1) do dhaoine a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil
  • Leibhéal 5 (B2) do dhaoine atá ar a gcompord ag labhairt Gaeilge ó am go chéile
  • Leibhéal 6 (C1) do chainteoirí ardchaighdeáin ar mian leo a gcuid scileanna a shaibhriú

Ina theannta sin, cuirfidh Údarás na Gaeltachta scéim tacaíochta bhreise ar fáil chun tacú le rannpháirtithe an cháilíocht Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) a bhaint amach más mian leo tabhairt faoi.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail & Teanga, Údarás na Gaeltachta, ‘Tá áthas orainn an comhpháirtíocht nua seo le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma agus Gaelchultúr a fhógairt. Léiríonn sé tiomantas Údarás na Gaeltachta do thacaíocht a thabhairt d’fhostaithe sna ceantair Ghaeltachta a gcuid Gaeilge a neartú ina saol oibre laethúil. Tá súil againn go mbeidh tionchar dearfach ag an gclár seo ar úsáid na Gaeilge sna pobail ina bhfuil ár bhfostaithe ag obair agus ag maireachtáil.’

Le tuilleadh eolais a fháil nó le spéis a léiriú, déan teagmháil le pleanailteanga@udaras.ie

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.