
Líon isteach na huimhreacha 1-4, 1-5, 1-6 nó 1-9 gan dúbailt in aon líne, colún, ná bosca. Leideanna ar fáil anseo. 5×5 míreanna mearaí 6×6 9×9 míreanna mearaí

Tá deis nua anois ag foghlaimeoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus sna contaetha máguaird a gcuid Gaeilge a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile agus An Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal C1) ó Ollscoil na Gaillimhe á thairiscint i nGael-Ionad Thamhlachta ón bhFómhar seo. Cuirfear tús leis an gcúrsa ar an Mháirt 22 Meán…

Tháinig 33,419 duine trí gheataí Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh – an slua is mó riamh ag cluichí ceannais camógaíochta na hÉireann – agus ba iad Corcaigh a chuir coróin ar lá stairiúil don spórt nuair a bhuaigh siad Corn Uí Dhufaigh den 31ú huair. Bhí ar na Reibiliúnaigh troid go dtí an soicind deireanach…

Beidh caibidil nua á scríobh i stair an tsacair trí Ghaeilge an deireadh seachtaine seo nuair a rachaidh foireann de chuid Chumann Sacair Gaeilge chun páirce thar ceann na hÉireann i gcluiche idirnáisiúnta stairiúil in aghaidh na Calastáine i Wolverhampton. Tabharfaidh Éire aghaidh ar an gCalastáin ag an Guardian Warehousing Arena i Willenhall Dé Sathairn…
Tá pobal CLG Dhún na nGall faoi bhrón tar éis bhás réalta peile 1992 James McHugh agus a bhean chéile Noreen de bharr timpiste bóthair i gCo. an Chabháin. Fuair James, arbh as Cill Chartha dó agus a bhí sna seascaidí luatha, bás sa timpiste idir carr agus veain ar an N3 ag Droim Mallacht,…
Tá Pádraig Horan, a bhí ina chaptaen ar Uíbh Fhailí nuair a bhuaigh siad Craobh Shinsir Iomána na hÉireann den chéad uair i 1981, tar éis bháis a fháil in aois a 76 bliain dó tar éis dó a bheith tinn le fada. Bhí gairm fhada idirchontae ag Horan a thosaigh ag deireadh na 1960idí…
Tá údaráis na hÚcráine tar éis ordú aslonnaithe éigeantach a eisiúint do na céadta teaghlach a bhfuil páistí acu i gcathair Kramatorsk, in oirthear na tíre, de réir mar atá fórsaí na Rúise ag druidim níos gaire don chathair agus na hionsaithe ag éirí níos déine. Ag an am céanna, maraíodh ar a laghad 17…

Thug na céadta duine a n-ómós deireanach don cheoltóir agus cumadóir amhrán Glen Hansard ag a shochraid in Ardeaglais Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath Dé Máirt. Fuair an buaiteoir Oscar bás Dé Céadaoin seo caite in aois a 56 bliain i dtimpiste bhóthair, cúpla uair an chloig tar éis dó páirt a ghlacadh i…

Tá leagan priontáilte 3T den phiostal Glock forbartha ag an ghrúpa easaontóirí poblachtacha, Óglaigh na hÉireann (ÓNH) dar leo féin. Bhí leaganacha den ghunna ar taispeáint ag faire d’iarchime, Matt McCarthy, ag tús na seachtaine. Bhí McCarthy mar chuid de bhriogáid Bhéal Feirste ÓNH. Cuireadh ar an Luan é i dtórramh a bhí eagraithe ag…