Beidh caibidil nua á scríobh i stair an tsacair trí Ghaeilge an deireadh seachtaine seo nuair a rachaidh foireann de chuid Chumann Sacair Gaeilge chun páirce thar ceann na hÉireann i gcluiche idirnáisiúnta stairiúil in aghaidh na Calastáine i Wolverhampton.
Tabharfaidh Éire aghaidh ar an gCalastáin ag an Guardian Warehousing Arena i Willenhall Dé Sathairn 15 Lúnasa ag 7.00pm agus foireann 18 imreoir roghnaithe don ócáid.
Is cloch mhíle shuntasach í do Chumann Sacair Gaeilge (CSG), eagraíocht atá ag dul ó neart go neart agus a bunaíodh chun deiseanna sóisialta agus spóirt a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge trí mheán an tsacair.
Beidh ionadaíocht leathan ar fhoireann na hÉireann, le himreoirí as Doire, Ard Mhacha, Aontroim, Dún na nGall, Gaillimh, Lú, Laois agus Baile Átha Cliath ag taisteal go Sasana don chluiche.
Beirt atá go mór i lár na forbartha atá tagtha ar an gcumann le tamall anuas a bheidh mar chomhchaptaein; láithreoir agus tuairisceoir Sacair Beo TG4 Darren Ó Dubhgáin as Gort an Choirce i nDún na nGall, agus James Mac Éinrí as Lurgan in Ard Mhacha.
Tá réimse leathan cúlraí ag na himreoirí a bheidh ag caitheamh geansaí na hÉireann agus cuid acu ag imirt go rialta le clubanna sacair ar fud na tíre. Ina measc beidh Oisín Mac Aodha agus Chris Ó Biadha ó Chumann Sacair Chois Fharraige; Proinsias Mac Ruaidhrí as na Creagacha Dubha i gcondae Lú; Cian Hade as Cabrach i mBaile Átha Cliath; chomh maith le hathair agus mac as Doire, Oisín agus Dónal Ciarán Mac Eó.
Beidh na deartháireacha James agus Seán Óg Mac Éinrí as Lurgan sa scuad chomh maith; agus beidh ionadaíocht láidir ó Thír Chonaill ann le Darren Ó Dubhgáin, Éamonn Ó Duibheannaigh, Donnachadh Ó Duibheannaigh, Donnchadh Ó Cathasaigh, Joe Ó Colla agus John Ó Fearraigh roghnaithe.
Tá an cluiche ar cheann de na céimeanna is mó atá tógtha ag Cumann Sacair Gaeilge ó a bunaíodh é. Is iad Oisín Mac Eó as Doire agus eagarthóir An Páipéar agus iriseoir spóirt Cóilín Duffy a chuir tús leis an eagraíocht, é mar aidhm acu spás sóisialta a chruthú ina bhféadfadh daoine an Ghaeilge agus an sacar a thabhairt le chéile.
Tá moil réigiúnacha forbartha ag an gcumann ó shin agus cluichí sóisialta cúigear an taobh á n-imirt go rialta i roinnt áiteanna. Freisin bhí imreoirí Joe Mac an Fhailí agus Rian McShane páirteach i reáchtáil blitz sacair trí Ghaeilge ag Spórtlann na hÉireann i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite mar chuid d’imeachtaí Fhleadh Cheoil na hÉireann agus Fhéile an Phobail.
Tháinig aitheantas idirnáisiúnta don obair sin i mí Aibreáin nuair a glacadh le Cumann Sacair Gaeilge mar bhall de CONIFA, Cónaidhm na gCumann Sacair Neamhspleách.
Is eagraíocht dhomhanda í CONIFA atá neamhspleách ar FIFA agus a thugann deis do náisiúin, réigiúin, mionlaigh agus pobail chultúrtha nach bhfuil ionadaíocht acu faoi chóras FIFA páirt a ghlacadh i sacar idirnáisiúnta. Leagtar béim san eagraíocht ar an sacar mar bhealach chun pobail a thabhairt le chéile agus féiniúlacht chultúrtha agus cuimsiú a chur chun cinn.
Táthar ag súil le slua mór i Willenhall don chluiche Dé Sathairn. Is é Sporting Khalsa a imríonn ag an Guardian Warehousing Arena agus bhí cluiche i réamhbhabhta Chorn FA ar siúl san ionad céanna an deireadh seachtaine seo caite.
Beidh níos mó ná toradh cluiche i gceist d’Éirinn, áfach. Tar éis blianta ina bhfuil pobal na Gaeilge ag forbairt deiseanna nua leis an teanga a úsáid taobh amuigh de na suíomhanna traidisiúnta, is sampla eile é Cumann Sacair Gaeilge den chaoi ar féidir leis an spórt pobal teanga a neartú.
Nuair a shéidfear an fheadóg i Wolverhampton tráthnóna Dé Sathairn, beidh 18 imreoir ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn, ach beidh uaillmhian níos leithne taobh thiar díobh – áit bhuan a chruthú don Ghaeilge ar pháirc an tsacair idirnáisiúnta.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi chluiche idirnáisiúnta an tSathairn agus faoi Chumann Sacair Gaeilge ag CSGaeilge ar Instagram nó trí Cumann Sacair Gaeilge a chuardach ar Facebook.
Tá feachtas sluamhaoinithe ar siúl chun airgead a bhailú don eagaraíocht agus is féidir deontas a thabhairt ag https://www.idonate.ie/fundraiser/sacairgaeilge1.