Corn Uí Dhufaigh ar ais i gCorcaigh

Tháinig 33,419 duine trí gheataí Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh – an slua is mó riamh ag cluichí ceannais camógaíochta na hÉireann – agus ba iad Corcaigh a chuir coróin ar lá stairiúil don spórt nuair a bhuaigh siad Corn Uí Dhufaigh den 31ú huair.

Bhí ar na Reibiliúnaigh troid go dtí an soicind deireanach chun Gaillimh a shárú – 2-14 in aghaidh 0-19 – agus an teideal sinsir a bhaint amach don tríú huair le ceithre bliana anuas.

Bhí Gaillimh – seaimpíní na bliana seo caite – chun tosaigh 0-9 in aghaidh 0-7 ag an sos agus ba chosúil go raibh taithí na gConnachtach ag déanamh na difríochta.  Bhí Carrie Dolan, Niamh Niland agus Caoimhe Kelly i measc na n-imreoirí ba mhó a bhí ag cur isteach ar Chorcaigh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.