An Dioplóma sa Ghaeilge á Thabhairt go Tamhlacht

Tá deis nua anois ag foghlaimeoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus sna contaetha máguaird a gcuid Gaeilge a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile agus An Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal C1) ó Ollscoil na Gaillimhe á thairiscint i nGael-Ionad Thamhlachta ón bhFómhar seo.

Cuirfear tús leis an gcúrsa ar an Mháirt 22 Meán Fómhair agus beidh na ranganna ar siúl gach tráthnóna Máirt ag a 6.00 san iarnóin i nGael-Ionad Thamhlachta, D24 P298.

Is cáilíocht aitheanta ollscoile é an Dioplóma sa Ghaeilge atá dírithe ar dhaoine a bhfuil ardleibhéal Gaeilge acu cheana féin agus ar mhian leo a gcuid scileanna teanga a fhorbairt tuilleadh.  Leagtar béim ar chruinneas agus ar shaibhreas teanga, ar chumarsáid éifeachtach agus ar scileanna scríbhneoireachta acadúla agus gairmiúla.

Tá an cúrsa oiriúnach do réimse leathan daoine, idir mhúinteoirí, státseirbhísigh, aistritheoirí agus daoine gairmiúla, chomh maith le daoine eile a bhfuil Gaeilge ardleibhéil acu agus ar mhian leo an teanga a fhorbairt agus a úsáid ar bhealach níos muiníní ina saol pearsanta nó gairmiúil.

Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann leis an gcúrsa ná go mbeidh cáilíocht ó Ollscoil na Gaillimhe ar fáil i mBaile Átha Cliath, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do dhaoine ó gach cearn den phríomhchathair agus ó na ceantair mháguaird freastal air, gan a bheith orthu taisteal go Gaillimh gach seachtain.

Tá an cúrsa á óstáil ag Gael-Ionad Thamhlachta, lárionad bríomhar Gaeilge atá tagtha chun bheith ina áit thábhachtach d’imeachtaí cultúrtha, oideachais agus pobail.  Le blianta beaga anuas, tá borradh mór tagtha faoi ghníomhaíochtaí Gaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus tá an t-ionad ag cur deiseanna ar fáil do dhaoine as uile aois agus cúlra an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid.

Is léiriú é teacht an Dioplóma go Tamhlacht ar an éileamh atá ar dheiseanna ardleibhéil Gaeilge, ní hamháin i mBaile Átha Cliath ach sa réigiún máguaird freisin.  Tá pobal Gaeilge ag fás agus ag forbairt ar fud na príomhchathrach agus sna contaetha máguaird agus tá gá níos mó ná riamh le deiseanna chun leanúint leis an bhfoghlaim agus le cáilíochtaí a bhaint amach ag ardleibhéal.

D’fhéadfadh an cúrsa a bheith thar a bheith ábhartha freisin do dhaoine atá ag iarraidh cur lena ndeiseanna gairme.  Tá an Ghaeilge ag éirí níos tábhachtaí i réimsí éagsúla den saol poiblí agus gairmiúil agus is féidir le cáilíocht ar Leibhéal C1 a bheith ina buntáiste suntasach dóibh siúd atá ag iarraidh an teanga a úsáid ina gcuid oibre nó cur lena gcuid deiseanna fostaíochta.

Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa Dioplóma, is féidir tuilleadh eolais maidir leis an gcúrsa agus leis an gclárú a fháil ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Gael-Ionad Thamhlachta freisin trí ríomhphost ag pobalnagaeilge@gmail.com nó ar an bhfón ag 087 925 3483.

Is deis den scoth í seo do dhaoine ó Bhaile Átha Cliath, ó Chill Dara, ó Chill Mhantáin, ón Mí agus na ceantair máguaird a gcuid Gaeilge a shaibhriú, cáilíocht ollscoile a bhaint amach agus a bheith mar chuid de phobal Gaeilge atá ag fás agus ag dul ó neart go neart sa cheantar mórthimpeall ar phríomhchathair na tíre.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.