Tá pobal CLG Dhún na nGall faoi bhrón tar éis bhás réalta peile 1992 James McHugh agus a bhean chéile Noreen de bharr timpiste bóthair i gCo. an Chabháin.
Fuair James, arbh as Cill Chartha dó agus a bhí sna seascaidí luatha, bás sa timpiste idir carr agus veain ar an N3 ag Droim Mallacht, idir Achadh an Iúir agus Baile an Chabháin, tráthnóna Dé Luain. Gortaíodh Noreen go dona agus tugadh chuig Ospidéal Beaumont san aer í, ach fuair sí bás san ospidéal tráthnóna Dé Máirt.
Bhí James ar dhuine de laochra Dhún na nGall a bhuaigh Craobh Shinsear Peile na hÉireann den chéad uair i 1992. Thosaigh sé mar leath-thosaí clé sa chluiche ceannais agus d’aimsigh sé pointe ón imirt sa bhua 0-18 in aghaidh 0-14 ar Bhaile Átha Cliath.
D’imir sé don chontae ó 1990 go 1998, bhuaigh sé dhá Chraobh Uladh, Gradam All-Star i 1992 agus Corn an Iarnróid le Cúige Uladh i 1994. Bhuaigh sé trí chraobh contae le Cill Chartha chomh maith le ceithre Chomórtas Peile na Gaeltachta.
Dúirt Cill Chartha go raibh an club “croíbhriste” faoin tragóid agus cuireadh gach gníomhaíocht club ar fionraí mar chomhartha ómóis.
Tá achomharc déanta ag na Gardaí ar finnéithe a bhí ag taisteal ar an N3 idir 1i.n. agus 2i.n. Dé Luain agus iarradh ar dhaoine a bhfuil píosaí scannáin dashcam acu iad a chur ar fáil.
Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha.