Tá údaráis na hÚcráine tar éis ordú aslonnaithe éigeantach a eisiúint do na céadta teaghlach a bhfuil páistí acu i gcathair Kramatorsk, in oirthear na tíre, de réir mar atá fórsaí na Rúise ag druidim níos gaire don chathair agus na hionsaithe ag éirí níos déine. Ag an am céanna, maraíodh ar a laghad 17 nduine i sraith ionsaithe diúracán agus drón ar phríomhchathair na tíre, Kyiv, rud a spreag cáineadh géar ón Aontas Eorpach.

Dúirt gobharnóir réigiún Donetsk, Vadym Filashkin, gur cinneadh deacair ach riachtanach a bhí san aslonnú. Dar leis, tá an staid slándála ag dul in olcas agus ní féidir glacadh leis go bhfanfadh páistí faoi bhagairt leanúnach ionsaithe na Rúise.

Tá sé beartaithe 525 páiste agus a gcaomhnóirí a aslonnú ó Kramatorsk agus ó na ceantair máguaird. Tá fórsaí na Rúise anois laistigh de thart ar 20 ciliméadar d’imeall thoir na cathrach, de réir DeepState, grúpa monatóireachta atá gar d’arm na hÚcráine.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.