
Tá breis agus seachtain imithe ó chuir fórsaí Údarás na Palaistíne baile agus campa teifeach Jenin faoi léigear. Tá sé ina streachailt armtha anois idir trodairí Jenin agus fórsaí Údarás na Palaistíne, agus tá siopaí agus margadh an bhaile ar stailc le breis agus seachtain anuas mar léirsiú míshástachta an bhaile leis an Údarás. Diarmuid…

Eoin Ó Murchú In ainneoin thorthaí an toghcháin tá fadhb na tithíochta fós beo, agus sa gcomhthéacs sin tá sonraí foilsithe maidir le scéim an rialtais le cosaint a thabhairt do thionóntaí in situ, is é sin tionóntaí atá ina gcónaí i dteach nó in árasán nuair a chinneann tiarna talún díol. Faoin scéim a…

Gearóid Ó Cairealláin, fear gnímh ar son na Gaeilge imithe ar shlí na firinne. Cóilín Duffy i mBeál Feirste Tháinig na mílte amach an 24 Nollaig go hArdeaglais Naomh Peadar in iarthar Bheál Feirste le duine de churaidh is suntasaí de chuid na Gaeilge le scór bliain anuas a chéiluradh, Gearóid Ó Cairealláin a fuair…
Eoin Ó Murchú Den chéad uair tá bean tofa mar cheann comhairle, ceann de na hoifigí stáit is suntasaí i mBunreacht na hÉireann. Ach níos tábhachtaí ná sin dearbhaítear go bhfuil margadh le déanamh idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách le rialtas a chur ar bun. Díbríodh Verona Murphy as Fine…

Bhí 2024 an-ghnóthach ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, toghcháin, ceannairí úra, agus Tionól na sé chontae ar ais arís, dár ndóigh. Jack Mac Íomhair Thosaigh 2024 mar a thosaigh roinnt blianta eile sna sé chontae. Is é sin, gan rialtas ar bith. Chonaic muid roinnt athruithe sna sé chontae in 2024, an Tionól ag teacht…

Domhnall Mac Concharraige Tuairiscítear nach bhfreastalóidh Benjamin Netanyahu ar chomóradh shaoradh Auschwitz an mhí seo chugainn ar eagla go gabhfar é. I ráiteas a cuireadh amach ar shuíomh idirlín iarsmalann Auschwitz-Birkenau dúradh go mbeidh an 80ú comóradh ar shaoradh an champa ar siúl ar an 27 Eanáir 2025. Ar an dáta sin bhris saighdiúirí an…

Baol ann nach mbeidh cearta labhartha ag an dTiobraid Árannach sa Dáil nua Bill Breathnach Níl aon chearta labhartha ag Mattie McGrath sa Dáil mar níl aon ghrúpa teicniúil sásta glacadh leis go fóill. Le go mbeadh cearta labhartha ag teachta neamhspleách nó páirtí beag, caithfidh siad a bheith mar bhall de ghrúpa de chúigear…
Bill Breathnach Tá comhrialtas idir Fianna Fáil, Fine Gael agus Grúpa Réigiúnach na Neamhspleách nach mór socraithe dar le foinsí i dTeach Laighean. Tá an-seans ann go gceapfar duine de na neamhspleáigh sin ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail. Chomh maith leis sin, beidh ochtar ó Fhianna Fáil sa gcomh-aireacht in éindí le seisear ó…

Tá Liadh Ní Riada ainmnithe ag Foras na Gaeilge do thoghchán Sheanad Éireann. Tá an t-ainmniúchán déanta mar thoradh ar phróiseas léirithe spéise agus roghnaithe a reáchtáil Foras na Gaeilge le hiarrthóir, a mbeidh cosaint agus forbairt na Gaeilge mar thosaíocht acu, a roghnú. Faoi láthair, tá sí ag obair mar Bhainisteoir/Stiúrthóir an Ionaid Ealaíon…

Cóilín Duffy Beidh an ceolscannán Kneecap agus The Winter Coat ó Shaoirse Ronan ón dráma cogaidh Blitz le feiceáil ar ghearrliostaí na nOscars atá fógartha roimh ainmniúcháin na míosa seo chugainn. Tá an scannán Kneecap ar an ngearrliosta don Ghnéscannán Idirnáisiúnta is Fearr in éineacht le Santosh ón Ríocht Aontaithe, Armand ón Iorua agus Emilia…