Cosc ar ghníomhaí Palaistíneach taisteal go hÉirinn

Eoin Ó Murchú

Tá cosc curtha ag Iosrael ar an ngníomhaí Palaistíneach mór le rá, Omar Barghouti, taisteal go Baile Átha Cliath chun labhairt ag comhdháil mhór ar chúrsaí reatha na Palaistíne.

Is é Barghouti a chuir tús leis an bhfeachtas Baghcat Dífheistiú Smachtbhannaí (BDS) in aghaidh Iosrael. 

Cé go bhfuil cónaí buan in Iosrael aige, tá sé lonnaithe in Amstardam áit a bhfuil PhD á chríochnú aige. Bíonn ceangal air go dlíthiúil a dhoiciméid a athnuachan gach bliain agus filleadh ar Iosrael chun é sin a dhéanamh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!