Eoin Ó Murchú Drochscéal amach is amach is ea an nuacht gur dócha nach mbeidh calafort Chaergybi (a ghalldaítear mar Holyhead) ag oscailt go dtí i ndiaidh na Nollag. Téann 60% den lastas idir Éire agus Sasana tríd an gcalafort sin, agus tá caillteanais mhóra ann de bharr a dhúnta. Rinne stoirm Darragh dochar criticiúil…

Tá beirt fhear cúisithe as dúnmharú Karen Cummings, 40 bliain d’aois, sa cheantar Arda Labhrais i nDroichead na Banna tráthnóna Dé Sathairn Jack Mac Íomhair Cúisíodh beirt fhear as dúnmharú i ndiaidh gur thángthas ar Karen Cummings, í gan aithne gan urlabhra agus gortaithe go dona sa cheann. Fuair sí bás ar an láthair i…

Diarmuid Breatnach Dé Luain na seachtaine seo bhris ollstailc amach i mbaile Jenin ar an mBruach Thiar sa Phalaistín, ní i gcoinne Iosrael ach i gcoinne Údarás na Palaistíne, de bharr eachtraí an deireadh seachtaine agus a gcúlra. Tar éis léigear cúig lá ag fórsaí slándála an Údaráis ar Jenin, maidin Dé Sathairn rinneadar ruathar…

Cathal Ó Murchú Tá géarú sa bhreis sa chogadh idir an Rúis agus an Úcráin i dteannta lena dtacadoirí Iartharacha tar éis do ghníomhairí rúnda de chuid na hÚcráine an Ginearál Igor Kirillov agus a chuntóir a mharú le bob-bhuama cianrialaithe. Ba shaineolaí ar leith é Kirillov ar airm ollscriosta, go háirithe sna réimsí ceimiceacha…

Eoin Ó Murchú Tá Natasha O’Brien, an bhean óg ar ionsaigh go dona an t-iarshaighdiúir (anois, mar bhí sé ina shaighdiúir ar seirbhís ag an am) Cathal Crotty i Luimneach í in 2022, le ceangal nár cuireadh ar an eolas go hoifigiúil í go bhfuil achomharc le clos faoin gcás dlí ar an 23 Eanair…

Cathal Ó Murchú In ainneoin trí bliana déag den chogaíocht sa tSiria, cliseadh ar rialtas agus réimeas na tíre sin go tobann sa deireadh thiar thall tar éis ionsaí ó Chúige Idlib a rinne míleataigh frithrialtais de chuid Hay’at Tahrir al-Sham (HTS) in iarthuaiscert na tíre sin, a thosaigh thart ar coicís ó shin. Bhí…

Cathal Ó Murchú Tá toradh cinnte againn ar olltoghchán stát na sé chontae is fiche a ritheadh Dé hAoine seo caite agus níl morán amhrais ann maidir lena bhfuil i ndán dúinn do na cúig bliana amach anseo. Bhí bua suntasach ag an rialtas reatha de chuid Fhianna Fáil agus Fine Gael, cé go raibh…

Eoin Ó Murchú Tugadh cás Ard-Chúirte ag lorg damáistí, lena n-áirítear damáistí géaraithe agus eiseamláireacha, mar gheall ar “theip chórasach” líomhnaithe an stáit cóiríocht shlán a chur ar fáil do leanaí leochaileacha. An Árd-Chúirt i mBaile Átha CliathGrianghraf: Kieran Lynam/Flickr Thug an Breitheamh David Barniville, Uachtarán na hArd-Chúirte, treoracha maidir le héisteacht luath ar an…

Bill Breathnach San iomlán, toghadh 37 Teachta as na 9 ndáilcheantar timpeall na tíre ina bhfuil ceantar Gaeltachta ann. Ina measc, tá 12 as Fianna Fáil, naonúr as Sinn Féin, seisear as Fine Gael, beirt ó Aontú, Teachta amháin ó na Daonlathaithe Sóisialta, Éire Neamhspleách agus an Páirtí Cúitimh 100% faoi seach, agus 5 theachta…
Deir Price go ndéantar clúmhilleadh uirthi sa tsraith nua Say Nothing Kerron Ó Luain Tá sé beartaithe ag an bpoblachtach Marian Price cás dlí a thógáil i gcoinne Disney+ as clúmhilleadh maidir lena léiriú sa tsraith Say Nothing. Déantar marú Jean McConville, máthair a mharaigh an IRA in 1972, a thaispeáint sa tsraith. I radharc…