Leithscéal gafa ag Kneecap le teaghlaigh feisirí parlaiminte a dúnmharaíodh, ach diúltaíonn Sráid Downing dó

Ghabh Kneecap a leithscéal le teaghlaigh David Amess agus Jo Cox, feisirí parlaiminte a dúnmharaíodh, ach dúirt Keir Starmer go bhfuil a leithscéal fuarbhruite

Jack Mac Íomhair 

Bhí an spotsolas ar an bhanna ceoil Kneecap ag tús na seachtaine, nuair a tháinig sé chun solais go raibh póilíní frithsceimhlitheoireachta ag déanamh fiosrúchán ar eachtraí a tharla le linn ceolchoirme i mí na Samhna 2023 agus sa mhí chéanna in 2024. 

Tagann an leithscéal le teaghlaigh David Amess agus Jo Cox tar éis d’fhíseán teacht chun solais ina bhfuil an chuma air go ndúirt ball den bhanna, ‘maraigh d’fheisire parlaiminte.’ Baineann an ráiteas sin leis an cheolchoirm in 2023. Tá na póilíní ag déanamh fiosrúchán ar eachtra in 2024 mar gheall ar mhaíomh gur léirigh ball den ghrúpa tacaíocht do Hamas agus Hezbollah. Tá ceannaire na gCoimeádach, Kemi Badenoch, ag iarraidh go ndéanfar ionchúiseamh orthu.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.