Níor cheadaigh an tÚdarás Oideachais, an comhlacht poiblí atá freagrach as seirbhísí oideachais i sé chontae an oirthuaiscirt, maoiniú ar bith fá choinne soláthar óige Gaeilge sa toghcheantar Doire Thoir in 2024. Seo de réir miondealú de réir toghcheantair ar mhaoiniú don obair óige lán-Ghaeilge a lorg an CTR Carál Ní Chuilín (Sinn Féin) ar…
Cathal Ó Murchú Leis an méid sin scéalta corraitheacha ar siúl i mbeagnach gach cearn den Domhan – cinedhíothú i nGaza; sos comhraic ar na bacáin sa Phalaistín; cogadh san Úcráin ag teacht chun críche; insealbhú Trump mar Uachtarán Mheiriceá; géarchéimeanna an Aontais Eorpaigh; is araile – tá cuma an Apacailipsis ar Chathar na nAingeal,…

Domhnall Mac Concharraige Ar an 11 mí Eanáir cuireadh Kevin Hannaway, fear cochaill, agus poblachtánach iomráiteach, i Reilg Bhaile an Mhuillin in Iarthar Béal Feirste. Bhí Kevin ar dhuine de cheithre dhuine dhéag a d’fhulaing de bharr céasadh ag na Briotanaigh in 1971. Ar feadh blianta fada dhiúltaigh rialtas na Ríochta Aontaithe a admháil gur…

Máire Ní Bheaglaoich Cé nach raibh Seán Ó Coileáin bainteach le saol na Gaeilge i rith a shaoil oibre, rinne sé éacht sa mhéid a bhain sé amach agus é ag obair go deonach i gCathair agus i gContae Bhaile Átha Cliath ar feadh tamall maith de bhlianta. Bhí pearsantacht iontach ag Seán. Duine gealgáireach,…

Tá imní á léiriú faoi chinneadh Aire Oideachais Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, Paul Given, comhghleacaí dá chuid sa Pháirtí Aontachtach Daonlathach, Mervyn Storey, a cheapadh mar chathaoirleach nua ar bhord an Údaráis Oideachais. Is é an tÚdarás Oideachais atá freagrach as a chinntiú go bhfuil seirbhísí oideachais bunscoile agus iar-bhunscoile ar fáil i sé chontae oirthuaisceart…

Kerron Ó Luain Tá Pádraig Ó Snodaigh, laoch mór na Gaeilge, na litríochta Gaeilge agus na gníomhaíochta Gaeilge, imithe ar shlí na fírinne agus é naoi mbliana le cois an cheithre scór. Cuireadh an Snodach i Reilig Naomh Fionntán i mBaile Átha Cliath Dé Luain seo caite i ndiaidh a shochraide in Eaglais Pheadair agus…

Cóilín Duffy In ainneoin na gcoinníollacha aimsire ar fud na tíre, tá Taispeántas BT an Eolaí Óig faoi lánseol arís i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, agus tá breis is 1000 dalta ó 225 scoil ag glacadh páirte sa 61ú bliain den imeacht. Agus An Páipear ag dul chun na clólainne ní raibh ach tionscadal…
Os cionn 4,600 páiste agus 10,500 duine fásta a d’úsáid lóistín éigeandála i mí na Samhna Bill Breathnach D’úsáid 15,199 duine lóistín éigeandála poiblí mí na Samhna seo caite i bPoblacht na hÉireann, an ráta is mó ó cuireadh tús le taifid os cionn 10 mbliana ó shin. Ina measc, bhí 4,658 páiste i lóistín…

Cuirfear comhartha dátheangach in airde i gCo. Dhoire tar éis do chónaitheoir amháin a rá go bhfuil siad ar a shon Jack Mac Íomhair Cuirfear comhartha dátheangach in airde ar Radharc an Chairn, Maigh Ó gColla, mar gheall ar an aon chónaitheoir amháin a léirigh dearcadh go raibh siad ar a shon. Ciallaíonn sé sin…
Cathal Ó Murchú Tá cogadh cathartha na Súdáine ar siúl ó mhí Aibreáin 2023 idir dhá eite den rialtas míleata a bhí i gcumhacht don chuid is mó de na blianta ó bhain siad neamhspleáchas amach ón Ríocht Aontaithe sa bhliain 1956. Ó shin i leith bhí 3 chogadh chathartha agus 19 ngabháil cumhachta le…