Pádraig Ó Snodaigh, An Snodach, imithe ar shlí na fírinne

Kerron Ó Luain

Tá Pádraig Ó Snodaigh, laoch mór na Gaeilge, na litríochta Gaeilge agus na gníomhaíochta Gaeilge, imithe ar shlí na fírinne agus é naoi mbliana le cois an cheithre scór. Cuireadh an Snodach i Reilig Naomh Fionntán i mBaile Átha Cliath Dé Luain seo caite i ndiaidh a shochraide in Eaglais Pheadair agus Phóil, Baile Dúill.

Pádraig Ó Snodaigh – 1935-2025

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, go raibh Pádraig ‘mar laoch ríthábhachtach do ghluaiseacht na Gaeilge’ agus gur spreag a shaol grá don teanga i measc na mílte.

Bhí Ó Snodaigh pósta leis an dealbhóir Cliodhna Cussen, agus bhí seisear mac acu: Aengus, Rossa, Rónán, Colm, Cormac agus Fergus. Rugadh Ó Snodaigh i gCeatharlach in 1935. Chuaigh sé ag obair leis an mBord Soláthair Leictreachais sular bhog sé chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann, áit ar oibrigh sé mar choimeádaí cúnta. 

Idir 1970-73 bhí Ó Snodaigh ina chomheagarthóir ar an iris chléach phoblachtach Ghaeilge Pobal. I lár na seachtóidí bhí sé ina eagarthóir ar Carn, iris an Chonartha Cheiltigh. Bhí sé go fóill ag scríobh do Carn agus ina bhall den Chonradh Ceilteach nuair a básaíodh é. Bhíodh sé de nós aige ailt a scríobh de láimh i gcónaí, seachas leas a bhaint as ríomhairí. Mhol a chomhghleacaithe san eagraíocht é as a intleacht, a acmhainn ghrinn thur, agus a dhúthracht do chultúr agus neamhspleáchas na dtíortha Ceilteacha.

In 1980 bhunaigh sé Coiscéim, a chuir os cionn 1,300 leabhar i gcló thar na blianta. Chuir sé litríocht agus filíocht na Gaeilge i lár an aonaigh agus chuir sé saothar le scríbhneoirí agus filí móra na Gaeilge, leithéidí Mháirtín Uí Chadhain, Chaitlín Maude agus Thomáis Mhic Shíomóin, i gcló. B’fhile é an Snodach chomh maith agus áirítear leithéidí Cumha agus Cumann (1985) agus Ag Druidim le 80 (2017) i measc na gcnuasach a d’fhoilsigh sé féin.

Lena chois sin, ba staraí é agus spéis ar leith aige i dtréimhse na réabhlóide. Chuir sé peann le pár agus chuir sé in eagar an tsraith thábhachtach Macallaí na Cásca, sraith leabhar a thug léargas ar ghnéithe logánta, domhanda, pearsanta, fealsúnachta agus teanga Éirí Amach 1916. Maidir lena staireolaíocht, níor chuir sé aon fhiacail ann i leith na staraithe athbhreithnitheacha, mar a léirigh foilsiú Two Godfathers of Revisionism: 1916 in the Revisionist Canon in 1991. Saothar tábhachtach a bhí, agus atá, in The Hidden Ulster: Protestants and the Irish Language, a cuireadh i gcló trí huaire (1973, 1977, 1995) agus a d’fhág lorg dearfach ar Phrotastúnaigh an tuaiscirt atá ag tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge sa lá atá inniu ann. 

Poblachtach go smior a bhí sa Snodach agus sheas sé le poblachtaigh agus náisiúnaithe na sé chontae le linn an chogaidh fhada, agus bhí meas ag muintir Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin ó thuaidh air i gcónaí.

Mar ghníomhaí Gaeilge le linn a shaoil agus mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 1974 agus 1979 bhí sé ina cheannródaí. Bunaíodh An Siopa Leabhar agus cuireadh Seachtain na Gaeilge ar bun in athuair faoina cheannaireacht. Thacaigh sé go mór le gluaiseacht na Gaelscolaíochta a bhí ag teacht in inmhe an tráth céanna. Agus é ag scríobh do Comhar in 1989 dúirt sé gur ‘cath cúlgharda’ a bhí sna Gaelscoileanna ina raibh ‘an pobal Gaelach ag léiriú míshástacht leis an gcúlú ó aidhmeanna fógraithe an stáit sa Phoblacht agus in éadan ionraí an stáit sna sé chontae’.

Chuir sé an Bille Cearta don Ghaeilge chun cinn sna seachtóidí chomh maith, a baineadh amach mar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) nach mór tríocha bliain ina dhiaidh sin. Bhí Ó Snodaigh lárnach, chomh maith, san Fheachtas Náisiúnta Teilifíse a cuireadh ar bun sna hochtóidí agus a bhain a sprioc amach le bunú TnaG (TG4 ina dhiaidh sin) in 1996. Bhí sé sásta dul i mbun an ghnímh dhírigh nuair ba ghá. Ag tús an fheachtais chuidigh sé le Ciarán Ó Finneadha meirge a chrochadh ar aeróg chumarsáide RTÉ i nDomhnach Broc chun aird a tharraingt ar neamairt an stáisiúin i leith na teanga.

Dúirt iaruachtarán eile ar Chonradh na Gaeilge, Íte Ní Chionnaith, faoi ghníomhaíocht Ghaeilge an tSnodaigh, ‘Thaisteal sé an tír ar fad ag cur fhealsúnacht an Chonartha chun cinn agus ag spreagadh daoine chun craobhacha nua a bhunú. Chuir sé béim ar leith ar dhaoine óga a mhealladh isteach san eagraíocht agus mná a thabhairt chuig leibhéal ceannasaíochta san eagraíocht chomh maith. Smaointeoir a bhí ann, intleachtóir a bhí ann, ach do creid sé san agóidíocht mar mhodh oibre in obair an Chonartha’.

Fear ildánach, fathach fir, Gael, poblachtach. Go gcodlóidh an Snodach go sámh i measc laochra na nGael.