Eoin Ó Murchú Tugann na figiúirí is deireanaí le fios go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag lorg cosaint tearmainn anseo, agus, mar thoradh air sin, go bhfuil an stró a bhaineann le ceist na hinimirce ag laghdú go mór. Tá sé ráite ag an tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan …

Cuirfidh Páirtí an Lucht Oibre tús le vóta a thabhairt do dhaoine in aois sé bliana déag ach tá amhras ann an mbeidh sé i bhfeidhm in am do thoghchán an Tionóil nó na gcomhairlí in 2027 Jack Mac Íomhair D’fhógair Rialtas na Ríochta Aontaithe go mbeidh athrú déanta ar an aois vótála agus beidh…

Cóilín Duffy Thug Raidió Fáilte, stáisiún pobail raidió Gaeilge Bhéal Feirste, aghaidh ar Oileán Mhanann an tseachtain seo mar chuid de mhalartú cultúrtha speisialta faoin gclár Colmcille, a chuireann comhoibriú chun cinn idir cainteoirí Ghaeilge na hÉireann, Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge Mhanann. D’imir Raidió Fáilte ról lárnach in Yn Chruinnaght 2025, féile bhríomhar a…

Eoin Ó Murchú Tá faitíos ar bhunaíocht an Aontais Eorpaigh go bhféadfadh Andrej Babiš toghchán na Seicia a bhuachan i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Tá páirtí Babiš, ANO, chun tosaigh sna pobalbhreitheanna agus tá Babiš freisin ag dearbhú nach nglacfaidh sé le polasaí an rialtais reatha go n-ardófar caiteachas cosanta 5%, mar tá éilithe…

Cóilín Duffy Tá CLG na Palaistíne tar éis a dhearbhú go bhfuil a dturas samhraidh go hÉirinn curtha ar ceal le “croí trom,” de réir mar a theip ar iarrachtaí ag an nóiméad deiridh víosaí a fháil do 33 páiste agus 14 mheantóir ón mBruach Thiar. Bhí an fhoireann le teacht go hÉirinn inniu (Dé…
Máirtín Mac Eoin Tá cáineadh láidir déanta ag an gCeardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (CSTGT) ar roinnt carthanas toisc nach mbíonn siad sásta dul i dteagmháil leis an gceardchumann maidir le pá agus coinníollacha oibre a gcuid foirne. Deir CSTGT go bhfuil na mílte oibrithe sa réimse seo buailte ag carthanais a dhiúltaíonn dul…
Cathal Ó Murchú Breis is leathbhliain ó thit rialtas Bashar al-Assad as a chéile ag deireadh 2024 agus teacht i gcumhacht d’antoiscigh Ioslamacha Shunnaíocha sa tSiria faoi cheannas Ahmed al-Sharaa, a bhfuil an t-ainm cogaidh Abu Mohammed al-Jolani air, tá géarleanúint á déanamh acu ar gach pobal faoina gceannas nach mbaineann lena greideamh Ioslamach Sunnaíoch…
Eoin Ó Murchú Comhartha drámatúil go bhfuil an caidreamh idir Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain agus na ceardchumainn sin ag dul in olcas is ea cinneadh Unite, an ceardchumann is mó sa Bhreatain, ballraíocht Angela Rayner, Leas-phríomhaire na Ríochta Aontaithe, a chur ar fionraí. Dúirt Ard-Rúnaí Unite, Sharon Graham, nach bhfuil páirtí Keir Starmer…
Dé Céadaoin, an 16 Iúil, 2025 d’fhógair Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe, maoiniú do dhá scoláireacht iarchéime ar luach €10,000 an ceann do mhic léinn a chláróidh ar chlár MA na hOllscoile sa Phleanáil agus Forbairt an Meán Fómhair seo. Thosaigh an scéim scoláireachta iarchéime den chéad uair in 2024. Tá…

Ghlac Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, agus comhaltaí tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, páirt i searmanas corraitheach cuimhneacháin chun ómós a thabhairt d’fhir agus do mhná na hÉireann a fuair bás i gcogaí roimhe seo nó ar sheirbhís le coimeád síochána na Náisiún Aontaithe ag searmanas Chathair na Gaillimhe do Lá Náisiúnta…