Cosaint déanta ag Foras na Gaeilge ar an iris Comhar tar éis líomhaintí fríth-Sheimíteachais

Kerron Ó Luain

Tá cosaint déanta ag Foras na Gaeilge ar an iris Comhar as clúdach tosaigh a chur i gcló a léirigh an cinedhíothú sa Phalaistín. Chuir Comhar clúdach tosaigh i gcló i mí Iúil a léirigh sreang dheilgneach déanta de réalta Dháiví air a scar Iosraelaigh ar an trá ó fhuil agus duine a chaill géag ar an taobh eile. Rinneadh gearán faoin íomhá leis an Roinn Pobal in Stormont, agus cháin Ard-Raibí na hÉireann, Yoni Wieder, an íomhá chomh maith.

Ach, i ráiteas ó Fhoras na Gaeilge, dúradh gur “tréith thábhachtach de na meáin Ghaeilge é an tsaoirse eagarthóireachta agus tugtar saoirse eagarthóireachta d’eagraíochtaí a ndéanann muid maoiniú orthu”.

Is seanchleas é ag lucht tacaíochta Iosrael líomhaintí frith-Sheimíteachais a chur i leith éinne a cháineann coilíniú agus cinedhíothú an stáit sin ar an bPalaistín.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!