
Aedín Ní Thiarnaigh Rud a thaitníonn go mór liom faoin samhradh in Inis Meáin ná nach mbítear á mheas de réir na seachtainí ná na míonna. Cuimhnítear ar an samhradh de réir na n-athruithe sa dúlra; ceol na cuaiche a chloisteáil i mí na Bealtaine mar shampla, an seileastram buí ag teacht faoi bhláth ar…

Aedín Ní Thiarnaigh An tráth seo den bhliain bíonn na fálta sceach agus na bóithríní ag cur tharstu le dathanna agus le boladh cumhra na mbláthanna fiáine. Tá an-mhórán béaloidis ag baint leis na bláthanna céanna Ceann de na bláthanna is fearr liomsa, agus atá le feiceáil go fairsing faoi láthair ar thalamh fliuch agus…

An Dr. Kerron Ó Luain Rugadh Clara Zetkin ar an 5 Iúil 1857 in Wiederau sa Ghearmáin. Cuimhnítear go minic ar Zetkin mar bhunaitheoir Lá Idirnáisiúnta na mBan, ach tá oidhreacht i bhfad níos leithne ná sin aici. Ba Mharxach díograiseach í agus an aidhm aici gach oibrí a shaoradh ón gcaipitleachas. D’fhág a gníomhaíocht,…

Breathnóimid ar na heachtraí a thuill cáil do Chú Chulainn Caoimhín Ó Cadhla Fleá Bhricreann Seo scéal faoi conas a fuair Cú Chulainn an churadhmhír, an chuid is fearr den bhia don laoch is calma, agus aitheantas mar laoch Ultach ag Fleá Bhricreann. Deir Bricriú nach bhféadfaidh aon laoch an churamhír a fháil go dtí…

Agus muid i lár an tsamhraidh is fiú breathnú ar na féilte a dhéantar a cheiliúradh an tréimhse seo. Caoimhín Ó Cadhla Tá an samhradh linn agus uaireanta bíonn an ghrian ag taitneamh chomh maith. Bíonn ceiliúradh á dhéanamh ag an am seo den bhliain timpeall an domhain. Breathnóimid ar cad a dhéantar in Éirinn.…

Insíonn Caoimhín Ó Cadhla na scéalta a bhaineann le crógacht Chú Chulainn Caoimhín Ó Cadhla Bhreathnaíomar ar chúlra agus ar óige Chú Chulainn san alt deireanach. Anois breathnóimid ar na scéalta faoina laochas. Bhí scileanna faoi leith ag Cú Chulainn: bhí sé sáraclaí, bhí sé go maith ag úsáid crann tabhaill, bhí sé in ann…

Domhnall Mac Concharraige Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. Ar an 21ú lá den mhí seo beidh grianstad an tsamhraidh ann. Is feiniméan é a tharlaíonn dha uair in aghaidh na bliana an grianstad. Le linn an ama seo beidh an ghrian ag an bpointe is airde sa spéir agus…

Agus Féile Cholm Cille díreach thart ar an 9 Meitheamh, agus plé ann anois maidir le saoire phoiblí a dhéanamh den lá, breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar an naomh féin Caoimhín Ó Cadhla De réir an bhéaloidis tá 3 éarlamh ag Éirinn, Pádraig, Bríd agus Colm Cille. Tá lá saoire poiblí ann in ómós do…
Aedín Ní Thiarnaigh Cara an scéalaí is ea í an áibhéil – agus moltar go minic dóibh siúd a bhíonn i mbun scéalaíochta gan ligean don fhírinne dul sa tslí ar scéal maith! Bíonn muid mar lucht éisteachta ar an airdeall faoi seo agus cluas le héisteacht orainn ó thaobh an bhéaloidis de. Tuigeann muid…

Insíonn Caoimhín Ó Cadhla na scéalta a bhaineann le hóige Chú Chulainn Caoimhín Ó Cadhla San alt deireanach bhreathnaíomar ar chomhthéacs scéalta Chú Chulainn. San alt seo breathnóimid ar na scéalta a bhaineann lena óige. Conas a gineadh agus a rugadh Cú Chulainn? Chuaigh ealta éan go hEamhain Mhacha agus d’ith siad gach ribe féir…