Breathnóimid ar na heachtraí a thuill cáil do Chú Chulainn

Caoimhín Ó Cadhla

Fleá Bhricreann

Seo scéal faoi conas a fuair Cú Chulainn an churadhmhír, an chuid is fearr den bhia don laoch is calma, agus aitheantas mar laoch Ultach ag Fleá Bhricreann. Deir Bricriú nach bhféadfaidh aon laoch an churamhír a fháil go dtí go mbeidh éacht curtha i gcrích aige. Beartaíonn Cú Chulainn dul go Cúige Chonnacht ag déanamh gaisce. Titeann sé i ngrá le Fionnchaomh ansin, iníon Rí Eochaidh Ronn. Fanann Cú Chulainn oíche amháin ag cúirt Bhanríon Méabh, ach tagann Eochaidh isteach sa chúirt agus é ar buile le Cú Chulainn.  Cuireann Cú Chulainn ga trí mhuineál chapall Eochaidh agus cuireann sé lámh ar Eochaidh féin. Ach éiríonn le Méabh deireadh a chur leis an aighneas idir an bheirt. Iarrann Eochaidh ar Chú Chulainn a fháil amach céard ba chúis le deoraíocht triúr mac le laoch darb ainm Daol Dearmaid. Filleann Cú Chulainn ar Eamhain Mhacha, ach níl sé ar a shuaimhneas de bharr éileamh Eochaidh. Mothaíonn sé go bhfuil a éadaí agus gach rud timpeall air trí thine agus dá bharr sin socraíonn sé ceist Eochaidh a réiteach. I nDún Dealgan feiceann sé bád agus maraíonn Cú Chulainn gach duine ar bord seachas prionsa amháin. Deir an prionsa leis gour bád draíochtach atá ann. Tógann an bád Cú Chulainn go hoileán aisteach. Deir muintir an oileáin leis go bhfuil mic Dhaol Dearmaid ar oileán eile mar a bhfuil a ndeirfiúr, Achtlann, ina cónaí. Tugann Achtlann Cú Chulainn chuig na mic. Tá ar Chú Chulainn troid le laoch fíochmhar darb ainm Eochaidh Glas chun mic Dhaol Dearmaid a shaoradh. Úsáideann Cú Chulainn a uirlis cháiliúil, an ga bolga chun, chun Eochaidh Glas a chloí. Tagann sé ar ais go hEamhain Mhacha chun a eachtra a ríomh.       

Cú Chulainn ag marú a mhic

Sa scéal Bás Aonmhac Aoife tá Cú Chulainn ag traenáil thar lear agus titeann sé i ngrá le cailín darb ainm Aoife. Ón ngrá sin tagann mac darb ainm Connla. Deir Cú Chulainn le hAoife gan a insint do Chonnla gurb é Cú Chulainn a athair. Nuair atá sé seacht mbliana d’aois téann Connla go hÉirinn chun a athair a aimsiú. Tagann Connla anall i mbád déanta de chré-umha le maidí rámha órga. Nuair fheiceann na hUltaigh é, tá siad scanraithe roimh  a ghaiscíocht. Iarrann Condere mac Eochaigh air dul ar ais abhaile ach déanann sé neamhaird air. Déanann Conall Cearnach iarracht é a stopadh ach cloíonn Connla é. Sa deireadh téann Cú chulainn i mbun troda leis agus maraíonn sé é leis an nGa Bolga. Tá amhras ar bhean Chú Chulainn, Éimhear, gur mac leis Connla de bharr a scileanna catha, ach ní insíonn sí seo do Chú Chulainn. Ní go dtí go maraíonn sé Connla a aithníonn Cú Chulainn gurb e a mhac féin é.

Cú Chulainn ag marú a dhearthár comhaltais

Ní Connla an t-aon duine muinteartha dó a mharaigh Cú Chulainn.  Bhí deartháir comhaltais (nó deartháir altrama) ag Cú Chulainn darb ainm Fear Diadh. Nuair a dhéanann banríon agus rí Chonnacht, Méabh agus Ailill, ionradh ar Chúige Uladh leis an Donn Chuaille a ghoid stopann Cú Chulainn iad agus éilíonn sé comhrac aonair. Cloíonn Cú Chulainn laochra éagsúla Chonnacht. Ansin iarrann Méabh agus Ailill ar Fhear Diadh troid le Cú Chulainn. Diúltaíonn sé ar dtús, ach tar éis deoch mheisce a thabhairt dó, agus é a mhealladh agus a náiriú, aontaíonn sé dul i gcoinne Chú Chulainn. Maireann an troid ar feadh ceithre lá. An chéad dá oíche itheann Cú Chulainn agus Fear Diadh le chéile agus tugann siad aire do chnéanna a chéile  Ar an lá deiridh cloíonn Cú Chulainn Fear Diadh leis an nga bolga.  Nuair a fhaigheann Fer Diadh bás tá aiféala ar Chú Chulainn gur mharaigh sé a sheanchara agus a dheartháir comhaltais. Deirtear gur tharla an cath ag Áth Fhear Diadh (mar a bhfuil Baile Átha Fhirdhia anois) agus gur ainmníodh an áit as Fear Diadh, ach tá seans ann freisin gur cumadh an scéal chun míniú a thabhairt don logainm.

Má tá tú ag iarraidh léamh faoi Chú Chulainn níl leabhar níos fearr ná Táin Bó Cuailgne le Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac.

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.