Clara Zetkin, réabhlóidí, feimineach, Marxach

An Dr. Kerron Ó Luain

Rugadh Clara Zetkin ar an 5 Iúil 1857 in Wiederau sa Ghearmáin. Cuimhnítear go minic ar Zetkin mar bhunaitheoir Lá Idirnáisiúnta na mBan, ach tá oidhreacht i bhfad níos leithne ná sin aici. Ba Mharxach díograiseach í agus an aidhm aici gach oibrí a shaoradh ón gcaipitleachas. D’fhág a gníomhaíocht, teoiric agus obair pholaitiúil tionchar buan agus tá cearnóga, sráideanna agus leachtanna ar fud na Gearmáine a dhéanann comóradh ar a cuid éachtaí.

Bhí tionchar ag Zetkin go hidirnáisiúnta. In 1889, bhí sí ar choiste eagraithe an Dara Idirnáisiúnta. In 1907, bhunaigh sí an chéad rannóg do mhná sa Dara hIdirnáisiúnta agus ghlac sí ról mar Ard-Rúnaí air. Bhí lámh lárnach aici an bhliain chéanna i gcéad Chomhdháil Idirnáisiúnta na mBan Sóisialach a reáchtáladh in Stuttgart. Mhol sí go gcuirfí Lá Idirnáisiúnta na mBan ar bun ag comhdháil i gCóbanhávan. Ar an 11 Márta an bhliain dár gcionn, 1911, ghlac os cionn milliún duine páirt i léirsithe ar son na mban ar fud na hEorpa.

Clara Zetkin Zyklus i 1960
Grianghraf: Robert Diedrichs/ Wikipedia

Bhí Zetkin lárnach sa Pháirtí Sóisialach Daonlathach (SPD), ach ghlac sí ballraíocht sa Pháirtí Sóisialach Daonlathach Neamhspleách (USPD), de bharr gur thacaigh an SPD leis an gCéad Chogadh Domhanda. Bhí sóisialaithe ar fud na hEorpa i gcoinne an chogaidh, dár ndóigh, óir is éard a bhí ann ná lucht oibre na dtíortha éagsúla ag déanamh slad ar a chéile ar mhaithe le lucht an rachmais, rud a tháinig go hiomlán salach ar an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta. Bhí scil ar leith ag Zetkin mar eagraí agus ról aici in eagrú freasúra don chogadh. D’eagraigh sí comhdháil frithchogaidh ban i mBeirn na hEilvéise in 1915 agus gabhadh í roinnt uaireanta de bharr a gníomhaíochta.

Sa bhliain 1919 bhí Zetkin ina comhbhunaitheoir le Páirtí Cumannach na Gearmáine (KPD) agus bhí sí mar ionadaí de chuid an pháirtí sa Reichstag go dtí gur chlis ar Phoblacht Weimar. Idir 1921-33, shuigh sí ar choiste feidhmeannach an Tríú Idirnáisiúnta agus d’fhreastail sí ar bhonn rialta ar chomhdhálacha an Dara hIdirnáisiúnta, áit a raibh sí ina haistritheoir go minic.

B’eagraí agus scríbhneoir cumasach Zetkin chomh maith, agus d’imir sí ról lárnach i múnlú na teoirice sóisialaí feiminí. B’údar inspioráide do Zetkin scríbhneoireacht Frederick Engels agus  August Bebel, a scríobh Women and Socialism. D’fhorbair Zetkin a chuid smaointe féin ar an ábhar agus í ag tarraingt ar thobar na scríbhneoirí a chuaigh roimpi, an tátal aici nach bhféadfaí an sóisialachas a chur ar bun gan rannpháirtíocht ó mhná an lucht oibre. Ag Comhdháil Gotha de chuid an SPD in1896 d’fhógair sí: ‘Is i gcomhpháirt le mná prólatáireacha amháin a bhainfear amach an sóisialachas’. Chreid sí go raibh dúshaothrú á dhéanamh ar fhir agus mná araon, agus, dá bharr sin, gurb éigean dóibh seasamh gualainn ar ghualainn sa streachailt.

Leag sí béim ar ról na mban mar mháithreacha i sochaí sóisialach, shamhlaigh sí gur oideachasóirí agus páirtithe a mbeadh iontu, ach rinneadh cáineadh uirthi dá bharr. Mar sin féin, b’abhcóide láidir í ar son an oideachais do mhná agus chuir sí peann le pár in 1899 chun The Student and the Woman a scríobh. Paimfléid ab ea é inar áitigh Zetkin go gcuirfeadh rochtain ar an oideachas do mhná leis an deis a mbeadh acu iad féin a shaoradh agus a róil mar mháithreacha agus saoránaigh a neartú.

Rinne Zetkin idirdhealú idir an sóisialachas feimineach agus gluaiseachtaí na mban rachmasach. Bhí bá áirithe aici le mná den mheánaicme a bhí ag streachailt ar son a gceart, ach dhiúltaigh sí don fheimineachas liobrálach mar nach ndeachaigh sé in adharca leis an gcaipitleachas. Chreid sí nach raibh gluaiseacht na sufraigéidí, a bhí dírithe ar leasaithe dleathúil, radacach go leor; do Zetkin ba ghá struchtúir na haicme a bhaint anuas chun saoirse iomlán do mhná a chinntiú.

Cé go ndearna sí anailís ghéar ar chúrsaí trína shaol, measann roinnt nach raibh sí géar go leor ar an Stailíneachas agus í ag dul in aois. Cosúil le go leor réabhlóidithe ag an am bhain sí dóchas ón Aontas Sóivéadach, cé go raibh fadhbanna inmheánacha ann nár bhain go díreach le hiarrachtaí an Iarthair an bonn a bhaint de.

Ba de chúlra meánaicmeach í Zetkin í féin. B’iníon múinteora í, agus bhí sí i mbun traenála chun a bheith ina máistreás sular ghlac sí ballraíocht le Páirtí Sóisialach na nOibrithe in 1878, agus scar sí óna gclann dá bharr. Cuireadh dlíthe frithshóisialacha i bhfeidhm agus b’éigean di teitheadh chuig Zurich agus ansin chuig Páras na Fraince, áit ar bhuail sí lena páirtí, Ossip Zetkin. I ndiaidh a báis, thóg sí a dhá pháiste in Stuttgart. Phós sí Georg Zundel, a bhí 18 mbliana níos óige ná ní, ach scar siad in 1927.

Chothaigh sí nasc láidir intleachtúil le Leinín in 1907 agus léiríonn an comhfhreagras eatarthu go raibh meas acu ar a chéile. B’éigean di an Ghearmáin a fhágáil in 1933 nuair a tháinig na Naitsithe i réim in 1933. Básaíodh sa Rúis í in aois a 75.

Ba réabhlóidí fuinniúil agus dochloíte í Zetkin a dhiúltaigh do chur chuige na leasuithe agus a throid gan staonadh i gcoinne an fhaisisteachais agus an chaipitleachais. Tá tionchar mór ag a hanailís ar shaoirse na mban tríd an sóisialachas go dtí an lá atá inniu ann.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá a leabhar is déanaí ‘Cath idir an pobal agus
an murder machine’: Gluaiseacht na Gaelscolaíochta, 1973-2023 le Bradán Feasa ar fáil anois.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.