Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Cath Vín
Grianghraf: Wikipedia

Tharla Cath Vín ar an 12 Meán Fómhair 1683 ar Shliabh Kahlenburg i ngar do Vín. Tharla an cath idir an Impireacht Otománach agus an Impireacht an Naofa Rómhánach agus a gcomhghuaillithe agus vasáilligh. Cath suntasach a bhí ann a chuir deireadh leis an ionradh Otománach san Eoraip.

Tharla an cath tar éis don Impireacht Otománach léigear a dhéanamh ar an gcathair. Thosaigh an cath ar an 14 mí Iúil agus briseadh é ar an 11 Meán Fómhair. Bhí an tArd-Visír Kara Mustafa Pasha i gceannas ar an arm Otománach agus meastar go raibh 150,000 saighdiúir aige, ina measc 12,000 ianasóir, scothshaighdiúirí sároilte a raibh cúram acu an tArd-Visír a chosaint. Ar an taobh eile bhí an Gobharnóir Míleata Ernst Rudiger von Starhemburg i gceannas ar an ngarastún ina raibh 15,000 saighdiúir.

Tugadh deis don gharastún géilleadh sular thosaigh an léigear ach dhiúltaigh siad mar chuala siad scéalta faoi aingníomhartha a tharla i gcathanna eile ina raibh na hOtománaigh páirteach. Léigear crua a bhí ann don bhaile. Bhí ganntanas bia ann, scaip tinneas go héasca agus fuair an-chuid sibhialtach bás. Rinneadh iarracht ar an dá taobh an léigear a bhriseadh. Is minic a thug na hOstaraigh ruathar ar na saighdiúirí Otamánacha tríd an bpríomhgheata. Thochail na hOtománaigh tolláin faoi na ballaí agus chuir siad mianaigh ann chun na ballaí a leagan, ach theip air na hiarrachtaí seo.

Faoi mhí Mheán Fómhair bhí cúrsaí go dona ar fad do na cosantoirí. In ainneoin na ndeachrachtaí d’éirigh leo fanacht le fuascailt teacht ón bPolainn. Bhí comhghuallaíocht idiraAn Impireacht Naofa Rómhánach agus Ríocht naPolainne agus sheol an Rí Jan Sobieski III fórsa 65,000 saighdiúir chun an léigear a bhriseadh agus an Vín a shlánú. Chuaigh an rí leo agus nuair a shroich siad Cathair Vín bhailigh sé a mharcshlua, ina raibh na husáir sciathánacha a raibh clú agus cáil acu mar rúidtrúpaí na Polainne. Tá cáil ar an gcéad rud eile a tharla, an t-ionsaí marcshlua is mó riamh. D’ionsaigh 18,000 trúpaí marcshlua le Jan Sobieski chun tosaigh. Bhí an-tuirse go deo ar na hOtománaigh tar éis léigear trí mhí agus bhí a rás rite tar éis catha a mhair 2 uair an chloig. Deirtear nuair a bhí an cath thart go dúirt Sobieski “Venimus, Vidimus, Deus Vicit” (Thángamar, chonaiceamar, threascair Dia). Is athleagan é seo de ráiteas Julius Caesar, “Veni, Vidi, Vici”. Ceaptar gur rognaíodh Al-Qaeda an 11 de Mhí Mheán Fómhair chun ionsaí a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe mar gheall ar an gcath seo idir Críostaithe na hEorpa agus Moslamaigh.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cathain a tharla Cath Vín?
  2. Cé a bhí páirteach sa chath, idir impireachtaí agus ceannairí?
  3. Cén fáth nár gheill garastún Vín?
  4. Cén deachrachtaí a bhí ag an gcathair nuair a bhí an léigear ar siúl?
  5. Scríobh faoi dhá iarracht a rinne an dá thaobh an léigear a bhriseadh.
  6. Conas a briseadh an léigear faoi dheireadh?

Tasc breise

Is léigear suntasach é Léigear Vín sa stair mhíleata. An bhfuil tú in ann cúpla léigear eile a ainmniú? Pléigh na léigir atá ar eolas agat.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.