SpaceX, an bhoilgeog $2 thrilliún?

Pádraig de Burca

D’athraigh SpaceX stair mhargaí an domhain an tseachtain seo caite. Bhailigh an comhlacht $75 billiún sa tairiscint phoiblí thosaigh is mó riamh, ag praghas $135 in aghaidh na scaire (SPCX). Dhún an stoc ag $161 ar an gcéad lá, ag brú na luachála thar $2.1 trilliún agus ag déanamh trilliúnaí de Elon Musk den chéad uair riamh, ar feadh píosa ar aon nós.

Fíric seachas fís

Measann an comhlacht seirbhísí airgeadais Morningstar nach bhfuil ach $780 billiún d’fhíorluach ann, níos lú ná leath phraghas an mhargaidh. Tá easnamh carntha $41.3 billiún ar an gclár comhardaithe, den chuid is mó mar gheall ar mheascán $250 billiún le xAI in 2026. “Táthar ag íoc as poitéinseal, ní as táirge,” a deir anailísithe.

Níl ach Starlink brabúsach; gnóthaigh sé $11.4bn in 2025. Tá an chuid eile, lainseálacha agus IS, fós ag dó airgid. Geallann Musk gurb iad ionaid sonraí san fhithis spáis an chéad mhórbheart eile.

Imní na hÉireann

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!