Cé a chumann polasaí eachtrach na tíre seo? Muid féin nó Kaja Kallas?

Eoin Ó Murchú

Bhí Ard-Choimisinéir an Aontais Eorpaigh um Ghnóthaí Eachtracha – ‘Ard’ go deimhin – Kaja Kallas, i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ag tabhairt achasán don rialtas faoi alúmana atá á onnmhairiú chun na Rúise ón monarcha in Eachinis, achasán in ainneoin nach bhfuil aon srian nó bac le honnmhairí alúmana ón AE chun na Rúise ar aon nós. 

Níl anseo ach an chéim is déanaí san fheachtas leanúnach chun a bheag a dhéanamh de bheartas oifigiúil neodrachta, agus chun sinn a spreagadh chun ceangail mhíleata leis an AE agus le ECAT a neartú.

An bhacainn mhór, ar ndóigh, is ea an diúltú dosháraithe a thugann muintir na hÉireann do thréigean na neodrachta. Taispeánann pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe go seasta go bhfuil tromlach láidir den phobal ag iarraidh an prionsabal sin a choinneáil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!