Lár an tsamhraidh agus Oíche Shin Seáin

Aoife Granville

Tá traidisiún ársa in Éirinn lár an tsamhraidh a cheiliúradh. Bhí ceiliúradh thart ar am an ghrianstaid rí-thábhachtach do dhaoine, chomh tabhachtach go traidisiúnta leis  na laethanta cinn ráithe, Imbolc, Bealtaine, Lughnasa agus Samhain. Bhí tine lárnach sna féilte seo ar fad, gan dabht, agus lean nós na dtinte le ceiliúradh lár an tsamhraidh trí na céadta go dtí an lá atá inniu ann. Is sampla maith é an t-am seo bliana den tslí inar glacadh leis na seantraidisiúin nuair a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn. 

Glaoimid Oíche Shin Seáin ar an 23 Meitheamh i gCorca Dhuibhne. Oíche Sin Seáin agus Oíche Fhéile Eoin atá in áiteanna eile, agus is ceiliúradh idirnáisiúnta é i dtíortha Críostaí. In Éireann bhíodh an t-am seo bliana ceangailte le bandia an tsamhraidh, Áine, tráth. Tá ceangal láidir aici leis an talamh agus an torthúlacht. Tuigtear gur fhorbair an seantraidisiún in ómós d’Eoin Baiste. Ach is ionann, nách mór, ceiliúradh Áine agus ceiliúradh Eoin ó thaobh nósanna de. Is é a bhí, agus atá, i gceist ná pobal ag teacht le chéile mórthimpeall ar thine. Meitheal atá i gceist agus de ghnáth bailíonn an mheitheal sin ábhar don tine roimh ré, adhmad raice den chuid is mó, agus ullmhaítear an tine le chéile. I dtreo dhul faoi na gréine a lastar an tine agus bíonn ceol agus comhrá na gcomharsan mar chomhluadar ag an tine ar feadh cúpla uair a chloig. 

Tá traidisiún leanúnach na féile in áiteanna cosúil le Cathar Chorcaí agus Oíche na dTinte Cnámh an-tabhachtach do dhaoine i gceantair cosúil le Cnoc na hAoine, an Tóchar agus Fearann an Rí. Deirtear go ndearna an tEaspag Ó Luasa iarracht cosc a chur ar na tinte cnámh sna 1950í ach níor éirigh leis agus leanann an traidisiún ar aghaidh inniu. Tháinig athruithe ar an traidisiún thart ar 20 bliain ó shin de bharr iompar frithshóisialta, agus is faoi stiúir na Comhairle Cathrach atá an chuid de na tinte cnámh a bhíonn sa chathair anois. Bhí eagla in áiteanna eile faoi mhí-iompar le linn na mblianta agus é sin is cúis leis an traidisiún dul i léig. I nDaingean Uí Chúis lean an traidisiún go dtí na 1970í le grúpaí éagsúla ó na sráideanna difriúla in iomaíocht lena chéile féachaint cé acu a mbeadh an tine chnámh is fearr. Bhídís ag bailiú ábhar do na tinte ar feadh cúpla mí. Deir cuid de na leaideanna a bhíodh bainteach leis an traidisiún gur toisc an turasóireacht agus na tithe lóistín galánta a tháinig deireadh leis an traidisiún, ach seans go bhfuil leaganacha éagsúla den scéal sin ann! Bheadh cúiseanna a bhaineann leis an timpeallacht agus sabháilteacht i gceist inniu chomh maith gan dabht. 

Ag an Teampall Geal i gCorca Dhuibhne le blianta anuas tá athfhorbairt tagtha ar an traidisiún a bhuíochas le Micheál Toose Mac Gearailt agus an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta as an traidisiún a thabhairt thar n-ais. Cé nách maireann an scoláire Ó Fiannachta, maireann an nós go mór inniu agus níl duine níos fearr ná Toose chun traidisiún a choimeád agus a cur chun cinn. Bailíonn daoine, idir óg agus aosta, ag an teampall agus siúlann siad lena chéile chun an tine a lasadh. Bíonn blúire ceoil agus blúire beag dí ann ar feadh cúpla uair a chloig chun an oíche a cheiliúradh. 

Sa seantraidisiún bhíodh nós ag daoine léimt thar na tinte cnámh chun go mbeadh ádh leo don bhliain. Dheineadh lánúin é seo uaireanta chomh maith agus comhartha maith é go bposaidís laistigh de bhliain dá n-eireodh leis an léimt! Is traidisiún é atá beo go hidirnáisiunta chomh maith, go háirithe in áiteanna cosúil leis nGailís.

Traidisiún atá ann is ea luibheanna ar nós an bheathnua, nó luibh Eoin Baiste, a bhailiú Oíche Shin Seáin. Creidtear go gcabhraíonn an luibh sin leis an droim dubhach. 

I gcuimhne na ndaoine bhíodh radharcanna drámatúla bainteach leis an oíche agus tinte lasta fud fad na tíre. Is léir nách bhfuil sé chomh leathan sin inniu, ar chúiseanna éagsúla, ach sna háiteanna a maireann an traidisiún tá sé tábhachtach. Tá aireachas áirithe bainteach leis na féilte seo ar fad agus daoine ag bailiú le chéile chun ceiliúradh, am a thógaint acu bualadh le daoine agus machnamh a dhéanamh. Ní haon díobháil sin! 


Tá Aoife Granville ina léachtóir le Béaloideas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.