An Corn Domhanda agus an nasc idir an spórt agus an pholaitíocht

An Dr Kerron Ó Luain

Cloistear an tuairim gur chóir an spórt agus an pholaitíocht a choinneáil scartha i gcomhthéacs an baghcait a éilíonn gníomhaithe Palaistíneacha ar chluichí leis an Iosrael. Ach úsáideann stáit mhóra an spórt chun spórtdalladh a chur i bhfeidhm. Tharla seo i gcás an Choirn Dhomhanda san am a chuaigh thart, mar shampla le linn réimeas Mussolini agus Corn Domhanda 1934 san Iodáil. Rinneadh é le déanaí in 2022 nuair a rinne Catar óstáil ar an gCorn Domhanda, ainneoin shárú na gceart daonna sa tír.

Ach ba é Uragua, a óstáil an chéad Chorn Domhanda, a chuir tús leis an gcleachtas leas polaitiúil a bhaint as an gcomórtas chun féiniúlacht idirnáisiúnta na tíre a chruthú os comhair an domhain.

Thosaigh an scéal ní le Corn Domhanda 1930, ach le Cluichí Oilimpeacha 1924. Rinne taidhleoir san Eilvéis Uragua a iontráil sna cluichí i bPáras i ngan fhios do dhaoine. Ní raibh buiséad ann don turas agus b’éigean d’oifigeach amháin morgáiste a thabhairt amach ar a theach chun an maoiniú cuí a fháil. Ach d’éirigh leis an bplean. 

Chuaigh Uragua ar thuras timpeall na Spáinne ar an mbealach go Páras. Bhí na sluaite faoi gheasa ag an bhfoireann agus a stíl phasála. Le linn an chomórtais ba iad an fhoireann is mó a mheall na sluaite. Seoladh an t-úrscéalaí Colette chun scríobh fúthu do Le Matin. 

Nuair a bhuaigh Uragua bonn óir, d’fhógair an nuachtán El Día go raibh níos mó déanta ag an bhfoireann do chlú na tíre ná aon fheachtas bolscaireachta. Cuireadh saoire phoiblí ar bun nuair a d’fhill an fhoireann. Mhaígh Mundo Uruguayo gur léirigh an bua gur “náisiún sibhialta” a bhí in Uragua a d’fhéadfadh cultúr a easpórtáil chomh maith le mairteoil. 

Bhí dul chun cinn foireann sacar Uragua bunaithe i mbuntáistí na hidé-eolaíochta batllismo. Idé-eolaíocht fhorásach ba ea é a leag béim ar lámh an stáit a úsáid ar son leas sóisialach. Bhí córas láidir oideachas stáit i gceist a raibh an cleachtadh coirp ina chroílár. Tógadh isteach an lá oibre ocht n-uaire agus tugadh an vóta do chách. D’éirigh le hUragua bonn óir a bhaint sa sacar ag na cluichí Oilimpeacha in Amstardam arís in 1928.

Nuair a chinn FIFA go raibh gá le Corn Domhanda a bhunú don sacar a sheasfadh ar a chonlán féin, theastaigh ó Uragua go ndéanfaidís óstáil air. Bhí Corn Domhanda 1930 ag teacht le comóradh 100 bliain bhunreacht Uragua. Rinneadh an Estadio Centenario, staid ollmhór sacair i bpríomhchathair na tíre Montevideo, a thógáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mbliain. 

Bhuaigh Uragua ar an Airgintín 4-2 sa chluiche ceannais agus b’fhíorú é go raibh rath ar scéimeanna batllismo. Cé gur tháinig an idé-eolaíocht faoi bhrú le linn an Spealta Mhóir sna 1930í, tá Uragua go fóill ar cheann de na stáit is forásaí dá bhfuil ann, le ceann de na daonraí is sásta i Meiriceá Theas; rud a léiríodh go hidirnáisiúnta de chéad uair le linn an Chéad Choirn Dhomhanda in 1930.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.