Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

San alt seo foghlaimeoimid faoin ardán cáiliúil i bPáirc an Chrócaigh.
Nuair a cheannaigh CLG Páirc an Chrócaigh go hoifigiúil in 1913 ní raibh aon struchtúr ag ceann an iarnróid den pháirc, an áit a bhfuil Cnoc 16 inniu. Ba é “Cnoc 60” an chéad ainm a bhí ar an gcnoc, in onóir Fiúsailéirí Bhaile Átha Cliath a fuair bás in Gallipoli sa Tuirc, áit a bhfuil cnoc a raibh an t-ainm céanna curtha air ag Arm na Breataine. Faoi na 1920í agus i ndiaidh Chogadh na Saoirse cheap Cumann Lúthchleas Gael nach raibh sé oiriúnach ardán a bheith acu ainmnithe in ómós do Reisimint de chuid Arm na Breataine, agus cuireadh scéal amach gur tógadh an cnoc le smionagar Shráid Uí Chonaill tar éis Éirí Amach na Cásca 1916. Is féidir an miotas seo a chloisteáil go minic ag cluichí Bhaile Átha Cliath fiú sa lá atá inniu ann in ainneoin staraí á shéanadh.
Tá spás ar an gcnoc do 13,000 duine, agus is minic a bhíonn an cnoc lán le gorm éadrom agus dubhghorm nuair atá Átha Cliath ag imirt. Is traidisiún é i measc lucht féachana Bhaile Átha Cliath an cnoc a líonadh. Is traidisiún é freisin an fhoireann a bheith ag téamh suas os comhair an chnoic, ach in 2006 bhí raic ann nuair a bheartaigh Maigh Eo téamh suas san áit chéanna. Bhí cúpla troid anseo is ansiúd i measc imreoirí agus lucht bainistíochta fiú. Chaill Baile Átha Cliath ar an lá agus cuimhníonn lucht leanúna Bhaile Átha Cliath ar an eachtra fós.
Ceisteanna buntuisceana
- Cén t-ainm a bhí ar Chnoc 16 nuair a cheannaigh CLG Páirc an Chrócaigh go hoifigiúil?
- Cén fáth ar athraíodh ainm an chnoic sna 1920í?
- Cé mhéad duine is féidir seasamh ar Chnoc 16?
- Cén fhoireann a chuaigh ag téamh suas os comhair Chnoc 16 in 2006 agus a spreag scliúchas?
- Cén miotas faoi Chnoc 16 a chloistear go minic fós ag cluichí i bPáirc an Chrócaigh?