Na huimhreacha pearsanta
Is féidir na gnáth-bhunuimhreacha a úsáid le daoine a chomhaireamh:
- dhá mhúinteoir
- trí dhalta
- ceithre gharda
- ocht mbean
- deich bhfeirmeoir
- trí shaighdiúir déag
- seacht n-altra is fiche
Is é gnáthchóras na mbunuimhreacha amháin i gcónaí a úsáidtear chun aon duine dhéag nó níos mó ná dáréag a chomhaireamh i gcónaí: trí dhuine dhéag, ceithre dhuine is fiche, cúig dhuine is tríocha etc.
Is féidir uimhreacha pearsanta a úsáid le daoine a chomhaireamh freisin, idir 2 agus 10 agus 12. Úsáidtear an ginideach iolra leis na huimhreacha pearsanta:
| 2 | beirt mhac, beirt mhúinteoirí, beirt bhan, beirt iníonacha |
| 3 | triúr gardaí, triúr fear |
| 4 | ceathrar múinteoirí, ceathrar sagart |
| 5 | cúigear daltaí, cúigear búistéirí, ball |
| 6 | seisear príosúnach, seisear cuairteoirí |
| 7 | seachtar mairnéalach, seachtar captaen, seachtar buachaillí |
| 8 | ochtar scríbhneoirí, ochtar marcach |
| 9 | naonúr polaiteoirí, naonúr dochtúirí |
| 10 | deichniúr meicneoirí, deichniúr amhránaithe |
| 11 | (bunuimhir) mac déag, aon mhúinteoir déag, iníon déag, dalta dhéag, sé bhúistéir déag, aon gharda dhéag, polaiteoir déag |
| 12 | dáréag mac, dáréag iníonacha, dáréag fear, dáréag ban, dáréag duine, dáréag custaiméirí, dáréag marcach |
Gnáthchóras na mbunuimhreacha a úsáidtear ó 13 ar aghaidh:
- trí mhúinteoir déag, ceithre dhalta dhéag, sé dhochtúir déag, seacht mbean déag, dhá gharda is fiche, ceithre shaighdiúir is tríocha, sé mheicneoir is daichead, ocht n-amhránaí is caoga etc.
Scríobh na huimhreacha seo mar fhocail, ag úsáid uimhreacha pearsanta más féidir, gus bunuimhreacha murar féidir:
- 5 (cailín) ______________________________________
- 3 (buachaill) ______________________________________
- 17 (múinteoir) ______________________________________
- 7 (saighdiúir) ______________________________________
- 12 (dochtúir) ______________________________________
- 11 (dalta) ______________________________________
- 8 (ealaíontóir) ______________________________________
- 22 (marcach) ______________________________________
- 2 (bean) ______________________________________
- 4 (fear) ______________________________________
- 8 (mac) ______________________________________
- 7 (iníon) ______________________________________
- 14 (bainisteoir) ______________________________________
- 2 (captaen) ______________________________________
- 5 (mairnéalach) ______________________________________
- 31 (garda) ______________________________________