D’fhág an giúiré seomra na cúirte i gcás Jeffery Donaldson

Tá 18 gcúiseamh mí-úsáide gnéis curtha i leith iarcheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh

Jack Mac Íomhair

D’fhág an giúiré seomra na cúirte i gcás iarcheannaire an an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffery Donaldson, chun a gcinneadh a dhéanamh. 

Baineann an cás seo le 18 gcúiseamh mí-úsáide gnéis, cúiseamh amháin d’éigniú san áireamh, a mhaítear a tharla idir 1985 agus 2008. Tá beirt ghearánach sa chás.

Phléadáil Donaldson neamhchiontach sna cúisimh ar fad.  

Tá bean chéile Jeffery Donaldson, Eleanor, faoi thriail na bhfíoras, a chiallaíonn nach féidir léi fíorasc ciontachta a fháil. Tá 5 chúiseamh i gcuidiú agus neartú le cionta os a comhair.

Dúirt abhcóide don ionchúiseamh, Rosemary Walsh Abhcóide an Rí, gurb iar iarmhairtí ghníomhartha Donaldson is cúis le gach duine a bheith sa chúirt. 

Ina ráiteas clabhsúir, thathantaigh abhcóide Jeffery Donaldson, Kieran Vaughan Abhcóide an Rí, ar an ghiúiré neamhaird a dhéanamh den scéal mór atá á dhéanamh den chás sna meáin, agus a pholaitíocht a chur ar leataobh, agus an fhianaise a mheas gan eagla agus gan fabhar.

Dúirt sé go gcaithfidh an giúiré a bheith cinnte chun é a chiontú.

Chualathas sa chúirt Dé Máirt go raibh Eleanor Donaldson ar an eolas faoi shuim ghnéasach Donaldson i gcailíní réamhchaithreacha. 

I ráiteas clabhsúir Rosemary Walsh, dúirt sí go raibh an t-eolas seo ag Eleanor Donaldson agus gur fhág sí Gearánach A gan chosaint d’aon turas nó gan smaoineamh. 

Dúirt sí nach raibh siad sa chúirt mar gheall gur chum an dá íospartach a maíodh sa chás an scéal. Dúirt sí go raibh siad ansin mar gheall ar an mí-úsáid ghnéis a d’fhulaing siad agus ní féidir neamhaird a dhéanamh ar na hiarmhairtí agus iad a chur faoi rún, sin an fáth go raibh siad sa chúirt. 

Chuir sí i gcuimhne don ghiúiré an phian agus an dochar ar léir go ndearnadh.

Mhair an cás 4 seachtaine. Rinne an Breitheamh Paul Ramsey achoimre ar an chás Déardaoin agus d’fhág an giúiré ansin chun a gcinneadh a dhéanamh.