Síocháin ar éigean in Iarthar na hÁise

Cathal Ó Murchú 

In ainneoin an mhéid a thuar formhór na dtráchtairí faoin gcogadh idir Poblacht Ioslamach na hIaráine agus a gcéilí comhraic, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael, cogadh a thosaigh ar an 28 Feabhra i mbliana le hionsaí gan choinne ó chomhfhórsaí míleata Mheiriceá agus Iosrael ar an Iaráin, tá an chuma ar an scéal anois go bhféadfaidh sos comhraic níos buaine eascairt uaidh.

Le linn idirbheartaíochtaí idir na hIaránaigh agus na Meiriceánaigh, idirbheartaíochtaí a ndearna an Phacastáin idirghabháil orthu, tá meamram tuisceana ann idir an Iaráin agus Meiriceá maidir le deireadh a chur leis an gcogadh. Tá 14 alt ag baint leis an meamram tuisceana.

Tá sé beartaithe go gcuirfear stad leis an troid idir an dá thaobh agus a gcomhghuaillithe agus go dtabharfar faoi idirbheartaíochtaí as a dtiocfaidh socrú buan. Beidh deireadh leis an gcogaíocht, ní hamháin i gceantar na Murascaille ach sa Liobáin freisin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!