Ceithre chluiche mhóra agus áit sna cluichí leathcheannais le ghnóthú

Cóilín Duffy

Tá craobhchomórtas peile sinsir na hÉireann tagtha go dtí ceann de na céimeanna is spéisiúla den bhliain agus beidh súile lucht leanúna na tíre dírithe ar Pháirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo agus na ceithre chluiche ceathrú ceannais á n-imirt.

Tar éis deireadh seachtaine eile lán d’iontas agus de dhrámaíocht, tá ocht bhfoireann fágtha sa tóir ar Chorn Shomhairle Mhig Uidhir. Beidh Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo agus Ciarraí ag imirt in aghaidh Thír Eoghain Dé Sathairn, sula mbeidh Lú agus Muineachán ag tabhairt faoina chéile agus Baile Átha Cliath ag casadh ar Ghaillimh Dé Domhnaigh.

Is iad Corcaigh agus Maigh Eo a chuirfidh tús leis an aicsean Dé Sathairn. Tá borradh nua faoin bpeil i gCorcaigh le roinnt míonna anuas agus tá creideamh athnuaite le sonrú sa chontae. Chuir foireann John Cleary taispeántas den scoth ar fáil ina mbua ar Dhún na nGall agus tá siad anois céim amháin ó áit sna cluichí leathcheannais.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.