
Beidh iar-Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ar dhuine de phríomhchainteoirí Fhéile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe 2026 nuair a ghlacfaidh sé páirt i gcomhrá poiblí speisialta faoi aeráid, cultúr agus dóchas níos déanaí an mhí seo.
Beidh an t-imeacht saor in aisce, dar teideal Aeráid, Cultúr & Dóchas: Comhrá le Micheál D. Ó hUigínn, ar siúl i bpuball na géile i bPáirc an Athar de Búrca ar an 28 Meitheamh. Tá sé á eagrú mar chuid d’Fhéile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe, féile cúig lá a thugann le chéile ealaíontóirí, oideachasóirí, lucht acadúil agus grúpaí pobail chun plé a dhéanamh ar réitigh chruthaitheacha ar an athrú aeráide.
Beidh Ruairí McKiernan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin IDEA, i mbun comhrá le Micheál D Ó hUigínn. Díreoidh an plé ar shamhlaíocht, saoránacht dhomhanda agus ar an ról atá ag cruthaitheacht agus rannpháirtíocht phobail i dtógáil sochaí níos cothroime agus níos inbhuanaithe.
Mar chuid den imeacht, beidh taibhléirithe ó Áine Tyrrell agus ón bhfile óg Princess Mimi Chukwudi, a thabharfaidh ceol, filíocht agus idirphlé poiblí le chéile mar cheiliúradh ar ghníomhaíocht phobail agus ar chruthaitheacht.
Ag labhairt dó roimh an bhféile, dúirt Ruairí McKiernan gur guth tábhachtach é Micheál D Ó hUigínn ar son an cheartais, na síochána agus na dlúthpháirtíochta domhanda. Dúirt sé go dtabharfaidh an comhrá deis do dhaoine machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gcabhraíonn cultúr, pobal agus saoránacht ghníomhach linn dul i ngleic leis na dúshláin mhóra atá roimh an tsochaí.
Dúirt Tiarnan McCusker go léiríonn an fhéile spiorad na Gaillimhe mar áit ina mbíonn cultúr, pobal agus nuálaíocht ag obair as lámha a chéile. Chuir sé fáilte roimh rannpháirtíocht an iar-Uachtaráin sa chlár.
Beidh os cionn 30 imeacht ar siúl mar chuid den fhéile idir an 24 agus an 28 Meitheamh, lena n-áirítear cainteanna, ceol beo, taispeántais, eispéiris idirghníomhacha agus imeachtaí sóisialta a dhíríonn ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar fhorbairt pobail inbhuanaithe.