San atriail orthu gearradh pianbhreith phríosúnachta ar cheathrar gníomhaithe de Sheisear Filton a cúisíodh i ndamáiste coiriúil a dhéanamh d’áis de chuid an chomhlachta airm Iosraelaigh Elbit Systems in Filton, in aice le Bristol, Sasana. Ar an 12 Meitheamh, gearradh 25 bliain agus 8 san iomlán de phríosúnacht iomlán orthu, lúide an t-am a a bhí caite faoi choimeád acu.
Cé gur saoradh beirt den seisear, Zoe Rogers agus Jordan Devlin, ar an 5 Bealtaine, ciontaíodh an lá céanna Charlotte Head, Samuel Corner, Leona Kamio agus Fatema Rajwani i ndamáiste coiriúil, agus ciontaíodh Corner freisin mórdhíobháil choirp.
Bhailigh thart ar mhíle agóideoir taobh istigh agus taobh amuigh de Chúirt Chorónach Woolwich, Londain, i ndlúthpháirtíocht leis na cúisithe ar an 12 Meitheamh, ag léiriú brón agus fearg leis na pianbhreitheanna fógartha, agus go leor acu ina suí ar an mbóthar chun cosc a chur ar na veaineanna na gníomhaithe a iompar chuig na príosúin.
Seachas an cinedhíothú a aithnítear go forleathan ar na Palaistínigh ag Stát Iosrael, bhí roinnt conspóidí ann faoi reáchtáil na trialach féin, ina measc an Breitheamh Johnson ag áitiú nach bhféadfaí a insint don ghiúiré cead breithiúnais a thabhairt de réir a gcoinsiasa.
Dhiúltaigh Rajiv Menon Abhcóide an Rí, abhcóide don chosaint, a bheith faoi cheangal ag cinneadh Johnson agus chuir an breitheamh díspeagadh cúirte ina leith. Dhiúltaigh an breitheamh freisin an giúiré a chur ar an eolas faoina rún pianbhreith mar sceimhlitheoirí a thabhairt ar chúisimh ghnáthdhlí choiriúil na gcúisithe, dá bhfaighfí ciontach iad.
Dhiúltaigh an breitheamh maíomh na cosanta go raibh gníomhartha na gcosantóirí dlíthiúil mar gur ghníomhaigh siad as riachtanas chun beatha a shlánú, chun coir níos mó a chosc, nó chun damáiste maoine i bhfad níos mó sa Phalaistín a chosc. D’úsáid cúisithe eile na cosaintí seo go rathúil cheana i gcásanna eile.
Luaigh an tráchtaire meán agus an rapaire Lowkey ar Double Down News, (https://x.com/DoubleDownNews/status/2065726255211684017) cáipéisíocht a léiríonn cruinnithe roimhe seo roinnt uaireanta idir Ambasáid Iosrael i Londain agus Priti Patel, an Rúnaí Baile i rialtas an Pháirtí Chaomhaigh ag an am, chun plé a dhéanamh ar shrianadh Palestine Action. Dúirt Lowkey freisin go raibh Chris Philp, nuair a bhí sé ina Aire Póilíneachta i rialtas an Pháirtí Chaomhaigh, mar aon le hoifigeach ó Roinn an Ard-Aighne, an tSeirbhís Ionchúisimh Chorónach, ag bualadh le Elbit Systems UK chun Palestine Action a phlé.
Lasmuigh de chúirt Woolwich sheas bratacha agus meirgí Bhriogáid na hÉireann agus Gníomhaíocht Ghiúdach don Phalaistín amach i measc farraige de bhratacha na Palaistíne. Lig na póilíní do na hagóideoirí suí síos ar an mbóthar ar feadh tamaill sula ndeachaigh siad isteach chun greim a fháil ar agóideoirí agus iad a chaitheamh ar leataobh go foréigneach, agus ghabh siad 107 duine freisin.
Tá an Ríocht Aontaithe ag aicmiú mar ‘sceimhlitheoireacht’ roinnt gníomhaíochta neamhfhoréigneacha ag léiriú dlúthpháirtíocht leis an bPalaistín agus ag cúiseamh daoine a chosnaíonn Palestine Action faoi reachtaíocht sceimhlitheoireachta, agus ag plé freisin cosc a chur ar roinnt manaí mar “frith-Sheimíteach” amhail “Ón abhainn chun na farraige, beidh an Phalaistín saor”.
Tá an stát ag cur cosc ar dhaoine áirithe taisteal chun na Ríochta Aontaithe freisin. Níos luaithe an mhí seo cuireadh cosc ar Cenk Uygur, tráchtaire ar an eite chlé atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, teacht i dtír sa Ríocht Aontaithe chun freastal ar ócáid óráidíochta in éineacht le Hasan Piker, sruthaitheoir Twitch agus pearsa mór le rá ar an eite chlé pholaitiúil sna Stáit Aontaithe.
Tá meán forásach Young Turks ag Uygur atá dírithe go príomha ar an ngrúpa aoise faoi bhun 35 bliana d’aois. Tá 12 mhilliún síntiúsóir lárnach ag an meán agus teacht de thart ar 27 milliún síntiúsóir ar fud ardáin éagsúla a ghineann na céadta milliún radharc in aghaidh na míosa.
Níor nochtadh aon chúis leis an gcealú ar údarú taistil leictreonach Uygur, ach dúirt an gníomhaí 56 bliain d’aois nach bhfuil ‘ceist ar bith’ ann maidir le gaol na bacainne lena thuairimí ar Iosrael, é ag rá gurb ionann a ngníomhartha agus ‘chinedhíothú’ agus go bhfuil siad ‘fiáin’.
Tá iarrachtaí na Ríochta Aontaithe srian a chur le freasúra i gcoinne an chinedhíothaithe ag Iosrael ag cur srian breise ar shaoirse cainte laistigh den Ríocht Aontaithe ag an am céanna.