Muinín sa nuacht ag titim agus seachaint ag méadú, dar le tuarascáil nua

Tá muintir na hÉireann ag seachaint na nuachta níos mó ná riamh agus laghdú suntasach tagtha ar an muinín atá acu inti, de réir Thuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2026 a d’fhoilsigh Coimisiún na Meán ar an 16 Meitheamh.

Léiríonn an tuarascáil go ndeir 42% de dhaoine in Éirinn go mbíonn muinín acu as an nuacht formhór an ama, titim mhór ón 51% a tuairiscíodh anuraidh. Mar sin féin, tá leibhéal na muiníne fós níos airde ná mar atá sa Ríocht Aontaithe (31%), sna Stáit Aontaithe (26%) agus ar mhór-roinn na hEorpa (36%).

Fuarthas amach freisin go bhfuil 47% de mhuintir na hÉireann anois ag déanamh iarrachta an nuacht a sheachaint, méadú sé phointe céatadáin ar an mbliain seo caite agus an leibhéal is airde riamh a taifeadadh sa staidéar.

In ainneoin an mheatha sa mhuinín ghinearálta, tá muinín láidir fós ag an bpobal as mórbhrandaí nuachta. Is iad Nuacht RTÉ agus stáisiúin raidió áitiúla na foinsí is iontaofa dar le 71% de na freagróirí. Leanann nuachtáin áitiúla agus réigiúnacha ag 69%, agus tá muinín ag 69% as The Irish Times agus ag 68% as The Irish Independent.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán le Coimisiún na Meán, go léiríonn torthaí na bliana seo na dúshláin atá roimh earnáil na meán. Dúirt sé go bhfuil spéis ag an bpobal sa nuacht fós, ach go bhfuil laghdú tagtha ar an muinín inti agus go bhfuil sé riachtanach díriú ar inbhuanaitheacht na meán agus ar litearthacht sna meáin.

De réir na tuarascála, tá spéis mhór fós ag 54% de mhuintir na hÉireann sa nuacht, cé go bhfuil an figiúr sin níos ísle ná an 70% a taifeadadh le linn phaindéim COVID-19 in 2021.

Léirigh an staidéar freisin go bhfuil imní mhór ar dhaoine faoi bhréagfhaisnéis ar líne, agus dúirt 71% de na freagróirí go mbíonn imní orthu faoi céard atá fíor agus céard atá bréagach ar an idirlíon.

Rinne Institiúid Reuters um Staidéar ar an Iriseoireacht in Ollscoil Oxford an taighde idirnáisiúnta, agus chuir Institiúid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath um Meáin Todhchaí, Daonlathas agus Sochaí (FuJo) an anailís ar shonraí na hÉireann ar fáil. Bhí breis agus 2,000 duine páirteach sa suirbhé.