Saoirse Chathair na Gaillimhe bronnta ar an Uachtarán Catherine Connolly

Bronnadh Saoirse Chathair na Gaillimhe ar Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly. Ag an ócáid bhí comhaltaí tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in éineacht le Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, agus Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard
Grianghraif: Aengus McMahon

Bronnadh saoirse Chathair na Gaillimhe ar Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ag searmanas speisialta a reáchtáladh in Óstán Hardiman ar an bhFaiche Mhór Dé hAoine an 12 Meitheamh. Is í an tUachtarán Connolly an tríú duine is tríocha ar ar bronnadh an gradam iomráiteach seo, agus tá sí anois i measc roinnt de na pearsana is iomráití a fuair an onóir chéanna le linn na mblianta, lena n-áirítear Dubhghlas de hÍde, Éamon de Valera, Ronald Reagan, Garry Hynes agus Micheál D Ó hUigínn.

Ag labhairt dó ag an searmanas, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, go léiríonn Leabhar Shaoirse na Cathrach stair bheo na ndaoine a d’fhág lorg buan ar an gcathair trí sheirbhís phoiblí, ceannaireacht agus rannpháirtíocht chultúrtha. Mhol sé ceangal láidir an Uachtaráin Connolly lena cathair dhúchais agus an tionchar a bhí ag a tógáil ar an Seantalamh ar a cuid luachanna agus ar a dúthracht do chothrom na Féinne agus don ionchuimsiú.

Chuir Catherine Connolly tús lena gairm pholaitiúil in 1999 nuair a toghadh í ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Chaith sí seacht mbliana déag mar chomhairleoir cathrach, áit ar ghnóthaigh sí cáil mar ghuth neamhspleách, prionsabálta agus ionraic. In 2004 toghadh í ina Méara ar Chathair na Gaillimhe, agus ba í an chéad bhean de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a shealbhaigh an post sin.

Lean a gairm ar aghaidh ar an ardán náisiúnta nuair a toghadh í ina Teachta Dála d’Iarthar na Gaillimhe in 2016. Bhí sí ar dhuine de na guthanna ba láidre sa Dáil ar son comhionannais, cuntasachta agus na Gaeilge. Léiríodh a tiomantas don teanga agus don chultúr nuair a bhí sí ina Cathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

In 2020 rinne sí éact arís nuair a toghadh í ina Leas-Cheann Comhairle, an chéad bhean riamh a ghlac leis an ról sin. Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, gur sampla é a saol poiblí de sheirbhís, de cheannaireacht agus de thuiscint dhomhain ar riachtanais an phobail.

D’fhreastail roinnt iarbhuaiteoirí ar an searmanas, ina measc Keith Finnegan, Micheál D. Ó hUigínn, Mary Bennett, John Kileen agus Garry Hynes. Ag deireadh na hócáide bhronn an Méara scrolla comórtha déanta as dair phortaigh ar an Uachtarán Connolly, agus shínigh cairde, gaolta agus ionadaithe tofa Leabhar Shaoirse na Cathrach mar chuid den chomóradh stairiúil.