
Tá dhá straitéis nua foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach atá dírithe ar thodhchaí oileáin agus phobail chósta na hEorpa a neartú, an chéad uair riamh a cuireadh cur chuige comhordaithe Eorpach den chineál seo i bhfeidhm do na ceantair seo.
Tá níos mó ná 17 milliún duine ina gcónaí ar bhreis agus 4,000 oileán ar fud 16 bhallstát den Aontas Eorpach, lena n-áirítear stát 26 chontae na hÉireann, agus tá timpeall 95 milliún duine ina gcónaí i bpobail chósta feadh 70,000 ciliméadar de chóstaí na hEorpa. De réir an Choimisiúin Eorpaigh tá na ceantair seo ríthábhachtach d’fhéiniúlacht, do gheilleagar agus d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa, ach tá dúshláin mhóra rompu freisin.
I measc na ndeacrachtaí atá os comhair oileáin tá leithlisiú geografach, nascacht lag, costais arda taistil agus iompair, spleáchas ar thurasóireacht agus ar bhreoslaí iontaise, chomh maith le meath daonra agus easpa seirbhísí riachtanacha. Tá pobail chósta, idir an dá linn, faoi bhrú mar gheall ar athrú aeráide, creimeadh cósta, cailliúint bithéagsúlachta mara, truailliú agus easpa tithíochta inacmhainne i roinnt ceantar.
Le Straitéis Oileáin an Aontais, tá sé mar aidhm na riachtanais sin a chur i gcroílár bheartais an Aontais Eorpaigh amach anseo. Tá an straitéis bunaithe ar cheithre cholún: forbairt eacnamaíoch agus nascacht, slándáil fuinnimh agus cosaint an chomhshaoil, tacaíocht do phobail agus don déimeagrafaíocht, agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna. Tá béim ar leith curtha ar fhuinneamh in-athnuaite, ar an digitiú, ar sheirbhísí poiblí níos fearr agus ar dhaoine óga a choinneáil ina bpobail féin.
Tá trí phríomhthosaíocht sa straitéis do phobail chósta. Dírítear ar gheilleagar gorm níos láidre agus níos inbhuanaithe a fhorbairt, ar athléimneacht i gcoinne athrú aeráide a fheabhsú agus ar cháilíocht saoil na bpobal sin a neartú. Áirítear leis seo infheistíocht i bhfuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, sa bhithgheilleagar gorm agus i dtionscadail faoi stiúir pobail.
Dúirt an Coimisiún Eorpach go bhfuil sé mar aidhm ag an dá straitéis deiseanna fadtéarmacha a chruthú as na dúshláin atá roimh na ceantair seo. Tá súil ann go gcabhróidh siad le fás eacnamaíoch, le cosaint an chomhshaoil agus le caighdeán maireachtála níos fearr a chinntiú do na milliúin saoránach a chónaíonn ar oileáin agus ar chóstaí na hEorpa, lena n-áirítear pobail chósta agus oileánda na hÉireann.