Trodaíocht cháis agus gluaisrothair sa spéir ar phlásóg an Tí Bháin

Cathal Ó Murchú

Cé a cheapadh go mbeadh trodaíocht cháis agus gluaisrothair ag luascadh sa spéir ar phlásóg an Tí Bháin in ardchathair na Stát Aontaithe chun ceiliúradh a dhéanamh ar ochtódú breithlá an Uachtaráin Donald Trump?

D’éinne a chonaic an físeán de shraith gluaisrothar ag dul ar rampaí ar luas lasrach agus ag luascadh sa spéir mar a dhéanadh Evel Knievel tráth dá raibh sna 1970í agus an Teach Bán sa chúlra, bhí neart grinn le baint as a leithéid de thaispeantás, léiriú foirfe, b’fhéidir, ar an áiféiseacht a bhaineann le hUachtarán Trump.

Bhí alltacht ar na liobrálaigh, ar ndóigh, as an ísliú dínite a chothaíonn sé seo d’oifig na huachtaránachta, dar leo.  Dar lena lán is macalla é seo den mheathlú a bhain le hImpireacht na Róimhe sna laethanta deiridh míle go leith bliain ó shin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.