Tadhg an dá thaobh nuair is Iosrael atá i gceist

Eoin Ó Murchú

Tá díograiseoirí atá ag iarraidh nach n-imreodh Éire in aghaidh Iosrael i gcomórtas Chorn na hEorpa ag cur Tadhg an dá thaobh ar an rialtas mar gheall ar an difir sa seasamh a mhol siad i gcás na Rúise in aghaidh ionradh an tíre sin ar an Úcráin agus scéal Iosrael i nGaza agus an Bruach Thiar.

I gcás na Rúise d’áitigh Jack Chambers, a bhí ina aire spóirt ag an am, ar chomhlachtaí spóirt na hÉireann baghcat a dhéanamh ar an Rúis agus ar an mBealarúis. D’áitigh sé ar gach mór-chomhlacht spóirt in Éirinn a “dtionchar agus a n-údarás” a úsáid chun toirmisc a fhorfheidhmiú ar an Rúis agus ar an mBealarúis tar éis ionradh na hÚcráine.

Scríobh Chambers chuig gach comhlacht rialaithe náisiúnta spóirt in Éirinn agus dúirt sé leo go raibh sé “fíor-riachtanach” tacú le toirmeasc ar an Rúis agus ar an mBealarúis agus “bearta praiticiúla tacaíochta don Úcráin” a spreagadh óna gclubanna agus óna líonraí.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!