Eoin Ó Murchú Tá príomhaire na Slóvaice, Robert Fico, i ndiaidh cáineadh géar oscailte a dhéanamh ar an Aontas Eorpach agus ar na nósanna oibre atá á gcleachtadh ag an gCoimisiún. I ráiteas fairsing agus pléascach, cháin Fico an tAontas Eorpach as saoirse cainte a chur faoi chois, as toghcháin a chúbláil, as fimíneacht maidir…
Eoin Ó Murchú Caint i bhfolach an chiníochais a thug an freasúra ar ráiteas an Tánaiste Simon Harris nach raibh ceart ar thithíocht stáit ag cuid mhaith díobh siúd atá i gcóiríocht éigeandála de bharr easpa dídine. Bhí an Tánaiste ag labhairt i ndiaidh gur tháinig figiúirí amach a léirigh go bhfuil níos mó daoine…
Eoin Ó Murchú Ionsaí mídhleathach gan chúis atá san ionsaí a rinne na Stáit Aontaithe ar Veiniséala. Ná bac leis na leithscéalta, ná na bréaga, atá á scaipeadh le bonn cirt a chumadh. Ionsaíodh stát nach raibh ag bagairt ar bhealach ar bith ar na Stáit Aontaithe, ach stát a bhí ag cur isteach ar…
Eoin Ó Murchú D’éirigh le Micheál Martin na cosa a thabhairt leis i ndiaidh cruinniú de pháirtí parlaiminteach Fhianna Fail, ach ar éigean. Níl míshástacht sa pháirtí leis cealaithe, ach curtha ar fionraí. Is cosúil ag an bpointe seo go bhfanfaidh Martin mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil go dtí deireadh a ré ag…
Eoin Ó Murchú Tá easaontas ag dul i méad san Aontas Eorpach i dtaobh chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh gur cóir sócmhainní na Rúise a ghabháil mar chomthaobhacht i gcoinne iasacht ón Eoraip don Úcráin. Mar a mhínigh mé roimhe seo in An Páipéar, tá leisce ar an mBeilg, ina bhfuil an chuid is mó de…
Eoin Ó Murchú Tubaiste don tionscal iascaireacht in Éirinn is ea an margadh a rinneadh i mBruiséal an tseachtain seo caite i dtaobh chomhpholasaí iascaireachta an Aontais Eorpaigh. Dar le Comhghuaillíocht Bhia Mara na hÉireann (SIA) beidh laghdú ar chuóta na hÉireann síos 57,000 tonna níos lú an bhliain seo chugainn.Shroich na ballstáit AE aontú…
Eoin Ó Murchú Cloisimid go minic faoin ord domhanda bunaithe ar riail an dlí. Bunphrionsabail na dtíortha atá i gcomhghuaillíocht an Iarthair, a deirtear; bunchloch an nualiobrálachais i gcomparáid le hainriail uathlathach frithdhaonlathach mar an Rúis agus an tSín. Ach céard is brí le riail an dlí i ndáiríre? Cé a chumann na dlithe agus…
Eoin Ó Murchú Tá sé rialaithe ag an Cúirt Bhreithniúnais Idirnáisiúnta go bhfuil cás déanta ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine faoi Choinbhinsiún ar Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe 1948 i gcoinne Rúiseach in Oirthear na hÚcráine. Bhí maíomh seo na Rúiseach ar na cúiseanna go ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin…
Eoin Ó Murchú Dea-scéal don eite chlé atá sa phobalbhreith is deireanaí de chuid Ireland Thinks a foilsíodh san Sunday Independent an tseachain seo caite. Dar leis an bpobalbhreith seo tá tacaíocht 24% ag Sinn Féin, an líon is mó ag aon pháirtí, in éineacht le 8% ag na Daonlathaithe Sóisialta, 5% ag Páirtí an…

Eoin Ó Murchú Tá na meáin lán le scéalta faoi bhagairt Rúiseach ar an tír seo, agus dróin a fuarthas in aice le bealach eitilte Volodomyr Zelenskyy nuair a thug sé cuairt ar Bhaile Átha Cliath. Deir an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, go lom nach díograiseoir i gcúl gairdín a sheol na dróin…