Martin lagaithe a thuilleadh ag an bpobalbhreith is deireanaí

Eoin Ó Murchú

Drochscéal do Mhicheál Martin is ea an phobalbhreith is deireannaí ó Red C a foilsíodh in Business Post, a léirigh go bhfuil tacaíocht Fhianna Fáil ag an leibhéal is ísle ag an bpáirtí ó lár 2022, 15%. In olltoghchán 2024 fuair Fianna Fáil 22%, níos mo ná aon pháirtí eile.

Sa chéad áit tá Sinn Féin le 24% agus ina ndiaidh tá Fine Gael le 18%.

Ag an dá pháirtí rialtais le chéile tá 33%, i gcomparáid le 44% ag na páirtithe clé le chéile.

Tagann an phobalbhreith seo i ndiaidh tréimhse chorraitheach d’Fhianna Fáil ag eascairt ó tubaiste an toghcháin uachtaránachta agus ceisteanna á gcur sa pháirtí i dtaobh cheannaireacht Martin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!