Cáineadh ag an Rúis ar dhearcadh an rialtais in Éirinn

Eoin Ó Murchú

Tá cáineadh láidir déanta ag ambasadóir na Rúise ar an tír seo, Yury Filatov, ar an Aire Gnothaí Eachtracha, Helen McEntee, ag rá go bhfuil sí mífhreagrach, mi-aireach agus naimhdeach ina dearcadh ar ann Rúis.

Bhi an t-ambasadóir ag tabhairt freagra ar a raibh le rá ag an aire nuair a dúirt sí go raibh an Eoraip faoi bhagairt ag an Rúis.

Ní hí an Rúis, a dúirt sé, atá ag iarraidh seilbh a fháil ar an nGraonlainn ach na Stáit Aontaithe. Agus dúirt sé in ionad an domhan thiar a dhéanamh níos sábháilte, go ndéanann “méadú ar láithreacha míleata san Artach, de réir a nádúir, díchobhsú ar chúrsaí idirnáisiúnta i gcoitinne.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!