Jenna Goulding Bhí comórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh Dé hAoine seo caite. Bhí 15 cheoltóir, beirt as Meiriceá ina measc, san iomaíocht don duais mhór i mbliana. Bhí an comórtas dírithe ar uirlisí giolcaigh miotail i mbliana, lena n-áirítear an bosca ceoil, an consairtín…
Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil €72,000 bailithe anois do Chumann Corráin Dheirg na Palaistíne, mar thoradh ar fheachtas tiomsaithe airgid náisiúnta ar mhaithe le pobal Gaza agus muintir na Palaistíne. Ag tús an fheachtais ba é €20,000 an sprioc a bhí againn. Mar eagraíocht náisiúnta, shocraíomar leas a bhaint as…
Eoin Ó Murchú Tá cáineadh láidir déanta ag ambasadóir na Rúise ar an tír seo, Yury Filatov, ar an Aire Gnothaí Eachtracha, Helen McEntee, ag rá go bhfuil sí mífhreagrach, mi-aireach agus naimhdeach ina dearcadh ar ann Rúis. Bhi an t-ambasadóir ag tabhairt freagra ar a raibh le rá ag an aire nuair a dúirt…
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe roghnaithe ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ina Curadh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe do chlár na tréimhse 2025-2027. Cuireadh Clár na gCuradh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar bun in 2019 chun níos mó den phobal a chur ar an eolas faoi na Spriocanna agus chun…

Pádraig de Burca Má bhí 2025 ina bliain athcheangail do na healaíona in Éirinn, is féidir 2026 a shamhlú mar bhliain ina bhfuil ceisteanna níos doimhne á gcur: ní hamháin cad atá á chruthú againn, ach conas agus cén costas a bhaineann leis sin? Tá pictiúr measctha le feiceáil: dul chun cinn suntasach ar thaobh…
An Dr. Kerron Ó Luain Ar feadh na nglún sheas an Coláiste Gaeilge, Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe i gCarraig an Chabhaltaigh, mar chomhartha beo den bhreac-Ghaeltacht in iardheisceart an Chláir, áit inar nascadh an teanga, an pobal agus an cultúr ar imeall an Atlantaigh. Bunaíodh an coláiste in 1912. Aimníodh é in ómós d’Eoghan Ó…

Marcus Ó Conaire Léiríonn an líon beag focal seo ón dán mór le rá Cill Aodáin le Raiftearaí an file dóchas agus athnuachan agus teacht an earraigh ag déanamh go tréan orainn. Leis na cianta, shílfeá, bíonn daoine ag tagairt cheana féin don fhad breá atá ag teacht ar an tráthnóna, agus muid ag druidim…

Aoife Granville ‘Anois teacht an earraigh tá an lá ag dul chun síneadhIs tar éis na féile Bríde árdóidh mé mo sheol’ Raifteirí Ceann de na laethanta cinn ráithe is ea Imbolc, an 1 Feabhra, agus i dteannta Bhealtaine, Lughnasa agus Shamhna, briseann na seanfhéilte seo an bhliain suas go nádurtha dúinn. Is féilte iad…

Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo. Ré Ó Laighléis Caibidil 9 (Cuid 1)Reiligiún agus Creideamh Tá Daire díreach ar tí éirí dá cathaoir chun filleadh ar an micreafón nuair…

Domhnall Mac Concharraige Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. San alt seo beimid ag foghlaim faoi dhuine de na daoine is cáilúla riamh, is é sin Che Guevara. Rugadh Che Guevara, nó Ernesto Guevara de réir a theastais bréithe, in Rosario san Argintín in 1928. Tháinig sé ó theaghlach saibhir.…