
Cóilín Duffy Bhí ról fíorthábhachtach ag Coláiste Naomh Eoin ó Inis Meáin i mbliana ag Taispeántas an Eolaí Óig, áit ar chuir an scoil ceithre thionscadal as Gaeilge faoi bhráid an chomórtais, éacht ar leith don aon Ghaelscoil sa tír a rinne amhlaidh i mbliana. Ní hamháin sin, ach ba é Coláiste Naomh Eoin an…
Pádraig de Burca Idir an tseanchloch agus an sruth digiteach: 2025, bliain sna healaíona Agus deireadh na bliana 2025 sroichte againn, is léir go bhfuil earnáil na n-ealaíon in Éirinn tar éis teacht slán as tréimhse éiginnteachta le fuinneamh úr. Ba bhliain í inar fhill an earnáil ar an stair, ó oidhreacht amhairc Harry Clarke…

Jenna Goulding Bhuaigh Jessie Buckley Gradam Golden Globe don bhanaisteoir is fearr as a ról sa scannán Hamnet ag searmanas na bliana seo i Los Angeles. Thréaslaigh an tUachtarán Catherine Connolly le Buckley. I ráiteas a eisíodh, dúirt an tUachtarán gur aitheantas thar barr é an gradam ar shaothar eisceachtúil Buckley agus ar ar rath…

Sraith nua de Geantraí le craoladh ina ndéanfar ceiliúradh ar cheol traidisiúnta na hÉireann ar fud na tíre, á cur i láthair ag Pauline Scanlon. Tá Geantraí ar ais don fhicheadú sraith. Is í Pauline Scanlon a chuirfidh an tsraith i láthair, ina ndéanfar ceiliúradh ar thraidisiún beo cheol na hÉireann sa bhaile agus thar…

An Dr Kerron Ó Luain Shamhlófá ó thuairiscí na mórmheáin go bhfuil gach aon duine i Veiniséala ar mhuin na muice de bharr gur fhuadaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá Nicolás Maduro. Tá neart ama tugtha do na Veiniséalaigh a d’fhág an tír agus a chuaigh chun na hEorpa chun a dteachtaireachtaí a chraobhscaoileadh. De ghnáth is…

Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar shuíomh ríoga atá i lár tíre, Uisneach Tá Cnoc Uisnigh gar don Mhuileann gCearr. Caoindroim an seanainm a bhí ar Uisneach. De réir traidisiúin tagann na cúigí ar fad le chéile ag Uisneach. Glaoitear imleacán Éireann air dá bharr. Bhí aonach in Uisneach a raibh tábhachtach leis do shaol deasghnách…

Tá An Páipéar bródúil go bhfuilimid ag foilsiú go heisiach sleachta as an úrscéal nua Spéic na Girsí le Ré Ó Laighléis dár léitheoirí. Tá caibidil eile againn daoibh an tseachtain seo. Ré Ó Laighléis Caibidil 8 (Cuid 2)An Mhoráltacht ina hUile Chlúmh Is ag an bpointe seo a thuigeann Daire go bhfuil a dánacht…
Ceartúchán ar eagrán #61 Sa mhír ghramadaí in eagrán #61 (an 24 Nollaig 2025) ar aimsir fháistineach na mbriathra neamhrialta tá an nóta seo a leanas: Abair: Dearfaidh mé tú/sé/sí, dearfaimid, dearfaidh sibh/siad. An ndearfaidh? Ní dhearfaidh. Ar ndóigh, mar seo a leanas ba cheart dó a bheith: Abair: Déarfaidh mé tú/sé/sí, déarfaimid, déarfaidh sibh/siad. An…

Domhnall Mac Concharraige Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. San alt seo foghlaimeoimid faoi dhuine de na naoimh is tábhachtaí i luathstair na hÉireann, is é sin Naomh Crónán. Rugadh Crónán in Éile atá suite i gContae Uíbh Fháilí sa lá atá inniu ann. Deirtear gurb as an gceantar ina…

Raidió na Gaeltachta Dé hAoine 16/1/26 00:00 Scoth an Déardaoin 07:00 Nead na Fuiseoige 08:00 Adhmhaidin 09:00 Príomhscéalta na Nuachta 09:15 Iris Aniar 10:15 Cuideachta Ceoil 10:55 Tuairisc Spóirt 11:00 Barrscéalta 12:00 Príomhscéalta na Nuachta 12:08 An Saol ó Dheas 13:00 Nuacht a hAon 14:00 Tuairisc Spóirt 14:05 Fonn 15:00 Pé Scéal é 17:00 Tús…