Diarmuid Breatnach Múineadh a lán ceachtanna dúinn le linn chinedhíothú Iosrael ar na Palaistínigh le cúig mhí dhéag anuas. Ceann tábhachtach dóibh sin ab ea an claonadh frith-Phalaistíneach a léirítear go soiléir sna príomh-mheáin san iarthar. Ba é an chéad sampla ná an cur síos ar ionsaí frithbheartaíochta na Palaistíne ar arm Iosrael, nó briseadh…
Diarmuid Breatnach Le meirgí, bratacha agus trí bhanna ceoil máirseála, d’athshiúil na mílte Dé Domhnaigh an turas bliantúil ón Chreagán i nDoire Cholm Cille go Cúinne Dhoire Saor, ag dul an bealach céanna a ndeachaigh an mórshiúl i gcoinne an imtheorannaithe in 1972. An t-am sin chríochnaigh sé le hár nuair a scaoil saighdiúirí de…
Diarmuid Breatnach Bhí na scáileáin lán le híomhánna de dhaoine ag filleadh ina mílte ar na bailte in Gaza as ar ruaigeadh iad mar gheall ar ghlanadh eitneach agus cinedhíothú Arm Iosrael (AI). An chuid is mó acu ag siúl, ag iompar páistí, tochtanna, pluideanna lena mbeagán sealúchais, agus fiú a gcait! Lena linn sin,…
Diarmuid Breatnach Fógraíodh sos comhraic i Stráice Gaza le tosú maidin Dé Domhnaigh an 19 Eanáir. Rinneadh malartú na ngiall ón dá thaobh, triúr ban Iosraelach ar son 90 bean agus páiste Palaistíneach, ina measc dlíodóir, iriseoirí, oibrithe leighis agus oibrí cosanta shibhialta, cuid mhaith acu gan pianbreith dá laghad curtha orthu. Ba léir gurb…
Diarmuid Breatnach Chuir a lán fáilte roimh stát na hÉireann ag tacú le cúisiú cinedhíothaithe na hAfraice Theas i gcoinne Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI). Mar sin féin, bhí bolscaireacht amhrasach de chuid Iosrael mar chuid d’aighneachtaí na hÉireann. Rinne stát na hÉireann dhá aighneacht don CBI maidir le hIosrael agus an Phalaistín, aighneacht…
Diarmuid Breatnach Cé go raibh cogadh ar siúl i réigiúin na Siria ó 2012 i leith, leagadh réimeas Assad tobann go leor. Thosaigh ionradh ó sheachfhórsaí na Tuirce i mí na Samhna, tháinig fórsaí Hay’at Tahrir al-Sham faoi Adhmed al-Julani in a dteannta agus faoin mí seo caite bhí Assad imithe agus an bua ag…
Diarmuid Breatnach Fuair Paddy Hill bás ar 30 Nollaig 2024 agus 80 bliain saothraithe aige. Chaith sé 17 mbliana i bpríosúin i Sasana, in ainneoin é a bheith neamhchiontach i gcoir ar bith, mar a bhí an cúigear a daoradh leis. B’in iad Seisear Birmingham. Ciontaíodh an seisear acu, chomh maith le Ceathrar Guildford, Seachtar…
Tá breis agus seachtain imithe ó chuir fórsaí Údarás na Palaistíne baile agus campa teifeach Jenin faoi léigear. Tá sé ina streachailt armtha anois idir trodairí Jenin agus fórsaí Údarás na Palaistíne, agus tá siopaí agus margadh an bhaile ar stailc le breis agus seachtain anuas mar léirsiú míshástachta an bhaile leis an Údarás. Diarmuid…