
Íomhá: Ron Cogswell/Flickr
Le tamall tá a lán bratacha trídhathacha Éireannacha le feiceáil ag léirsithe frith-inimirce i mBaile Átha Cliath. Is ar éigean go dtuigeann formhór na ndaoine atá á n-iompar an cúlra staire agus an siombalachas a bhaineann leis an mbratach chéanna.
In 1848, agus réabhlóid phoblachtach ar siúl i bPáras, thug toscaireacht de na hÉireannaigh Óga cuairt ar an gcathair sin. Cuireadh fáilte rompu agus bhron dream ban réabhlóideach bratach orthu, bratach thrídhathach sa stíl nua phoblachtach, cosúil ceann na Fraince.
Ach bhí an bhratach seo glas, bán agus oráiste. Mhínigh Meaghar siombalachas na ndathanna mar shíocháin (bán) idir an pobal glas, na Gaeil agus na Caitlicigh, agus an pobal oráiste, gaill agus Protastúnaigh in Éirinn. Mar sin féin, bhí an dath glas in úsáid roimhe sin ag na hÉireannaigh Aontaithe, agus Protastúnaigh ba ea iad bunús a gceannairí siúd.
Ar aon chuma, thaitin an dearadh nua leis na hÉireannaigh Óga agus tugadh an bhratach go hÉirinn. Ar an 1 Márta 1848 ag cruinniú sráide i bPort Láirge nocht Francis Meagher an bhratach nua agus crochadh í ó fhuinneog uachtarach de Chlub Wolfe Tone ag 33 an Meal. Ar an 15 Aibreán bhron Meagher an bhratach ar Ard-Mhéara Bhaile Áth Cliath ag cruinniú i halla i Sráid na Mainistreach.
Tar éis theip éirí amach 1848 cuireadh Meagher go Críoch Van Diemen, an Tasmáin mar atá inniu ann. D’éalaigh sé uaidh sin in 1852 agus d’imigh sé go Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is ann a bhí sé nuair a thosaigh Cogadh Cathartha Mheiriceá agus thaobhaigh sé le stáit an Aontais, murab ionann agus a iarchomrádaí Seán Mistéil, a sheas le Cónaidhm stáit an deiscirt. Chaill an Mistéalach beirt mhac a bhí ag troid ar son na Cónaidhme freisin.
D’earcaigh Meagher agus a bhean neart saighdiúirí don 69th New York Infantry, an oiread sin gur baistíodh Mrs. Meagher’s Own ar an reisimint coisithe. Faoi dheireadh an chogaidh bhí Meagher ina bhriogáidireghinearál, cliú agus cáil air de bharr a sheirbhíse míleata agus a cheannaireachta ar an mBriogáid Éireannach. Rinneadh gobharnóir feidhmeach Montana de i ndiaidh an chogaidh ach fuair sé bás i ndálaí amhrasacha in 1867.
D’fhan an bhratach in Éirinn. Cé go raibh ar a laghad an oiread measa céanna ar an bhratach ghlas leis an gcláirseach uirthi, ba í an trídhathach a crochadh os cionn Ard-Oifig an Phoist in Éirí Amach 1916. Ceaptar gur mar gheall ar an siombalachas a bhaineann léi go raibh meas ag an bpobal ar an trídhathach agus gur glacadh léi mar bhratach náisiúnta. Ar aon chuma, is léi sin ar ghlac an ghluaiseacht réabhlóideach ón Éirí Amach i leith.
Nuair a bunaíodh an Saorstát bhí a lucht tacaíochta ag iarraidh dlisteanacht Chogadh na Saoirse a bheith acusan agus ghlac siad leis an trídhathach agus príomhstádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta. Ach d’fhan an trídhathach mar phríomhbhratach ag an bhfreasúra poblachtach freisin, agus iad ag séanadh cheart an stáit uirthi. Féach, mar shampla, an t-amhrán poblachtánach Take it down from the mast, Irish traitors. In 1998, 150 bliain ó nochtadh an trídhathach den chéad uair, ní raibh, de réir The Irish Independent, aon cheiliúradh ná comóradh oifigiúil stáit ar bith ann.
Is díol trua go bhfágann a lán daoine ar an eite chlé an trídhathach ar leataobh go háirithe ar léirsithe i gcoinne an chiníochais. Is bratach í lena mbaineann siombalachas frithchoilíneach agus frithimpiriúlach agus tírghrá daonlathach, d’fhonn daoine a bhailliú le chéile ag streachailt ar son an chirt agus na saoirse. Nó sin a cúlra, ar a laghad.