
Bratach ar leith i stair na troda ar son Phoblacht na hÉireann is ea an Camchéachta. Bhí sí ar foluain i Sráid Uí Chonaill, nó Sráid Sackville mar a bhí ag an am, le linn Éirí Amach 1916. D’dordaigh Séamas Ó Conghaile í a chrochadh os cionn fhoirgneamh Clery. Trasna na sráide uaidh sin, ar Ard-Oifig an Phoist, bhí an bhratach thrídhathach agus bratach Irish Republic ar foluain. Ach bhí siombalachas ar leith i gceist le láthair Clery, nó is ann a bhí an Imperial Hotel ar le William Martin Murphy é.
Ba é Murphy ceannaire na bhfostóirí a d’fhógair cogadh ar Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (COIIÉ) agus, tríd sin, ar oibrithe Bhaile Átha Cliath, i mí Lúnasa 1913. Ba san Imperial Hotel a gabhadh Séamas Ó Lorcáin agus é ag sárú toirmeasc giúistís. Ba sa streachailt sin a chruthaigh Ó Lorcáin agus Ó Conghaile Arm Cathartha na hÉireann (ACE) d’fhonn na hoibrithe a chosaint ar ionsaithe Phóilíní Chathair Bhaile Átha Cliath.
Theip ar an COIIÉ sa streachailt ach níor briseadh an ceardchumann, cé gur laghdaíodh go mór a bhallraíocht. D’imigh Ó Lorcáin to dtí na Stáit Aontaithe agus fágadh Ó Conghaile i gceannas ar an gceardchumann. In 1914 rinneadh athchóiriú ar an COIIÉ agus is ansin a cruthaíodh an bhratach. In 1916 bhí Arm Cathartha na hÉireann páirteach in éirí amach i gcoinne na himpireachta ba mhó ar domhan agus an bhratach le feiceáil ar foluain i lár phríomhshráid phríomhchathair na hÉireann, “ag fógairt fáin ar ghallaibh,” go deimhin, mar a scríobh an Piarsach, ach ag fógairt catha ar an gcaiptilíochas freisin.
Nuair a ghéill ceannairí an éirithe amach i Sráid an Mhúraigh bhí an Camchéachta fós slán os cionn an Imperial Hotel agus thóg oifigeach de chuid Arm Shasana leis í mar chomhramh. In 1954 dhíol an tioifigeach an bhratach le hIarsmalann Náisiúnta na hÉireann.
Glactar leis gurb é William H. Megahey, múinteoir i gColáiste Ealaíne agus Deartha Bhaile Átha Cliath, a leag amach an dearadh, ach ní fios cé uaidh a tháinig an coincheap. Nochtadh í ag cruinniú d’Arm Cathartha na hÉireann ar an 5 Aibreán 1914.
Leanann dearadh na brataí cruth réaltbhuíne an Bhéir Mhóir, Ursa Major, mar a fheictear dúinne é. Samhlaítear do dhaoine i gcuid den domhain gur cruth béir atá ann agus do dhaoine sna Stáit Aontaithe gur ladair an cruth ar an réalbhuíon, ach camchéachta an cruth a fheictear dúinne in Éirinn.
Uirlis oibre is ea an chéachta agus b’shin fáth maith leis an gcruth a roghnú don bhratach. Agus le huirlis talaimh mar réaltbhuíon, tá siombalalachas ann a bhaineann le cás na haicme oibre i gceist, chomh maith lena n-ardaidhm sa todchaí. Is mana é sa dioschúrsa sóisialach gurb é sprioc na n-oibrithe ‘chuile rud ón talamh go dtí na réalta’, agus ar ndóigh, deirtear go ndúirt Séamas Ó Conghaile é freisin.
In ionad soc céachta tá claidheamh le feiceáil i ndearadh na brataí agus is dócha gur tagairt é sin don Bhíobla, Leabhar Iseáia 2:4, in a ndeirtear go ndéanfar soic de chlaimhte. Bhí sé ar cheann de spriocanna an na gluaiseachta sóisialaí deireadh a chuir le cogadh, agus cruthaíodh an bhratach seo ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Cúlra glas a bhí ar an mbratach, agus is dóiche gur dath glas Poblacht na hÉireann atá i gceist, ó aimsir na nÉireannach Aontaithe i leith.
Tá leagan eile den bhratach ann, gan ann ach cruth na réaltbhuíne an Béar Mór, Ursa Major, réalta bána ar chúlra gorm. Baill den Chomhdháil Phoblachtach, a bunaíodh in 1934, a chruthaigh an dearadh seo. Ní fios cén fáth ar ceapadh an dearadh nua seo, ach seans go raibh daoine ag iarraidh imeacht ón náisiúnachas go sóisialachas ann féin. Mhaigh Seán Ó Cathasaigh gur gorm dath an chúlra agus ní haon rún gur cháin an Cathasach Ó Conghaile de bharr a pháirte i réabhlóid náisiúnach. Le blianta fada ba é an leagan gorm a fheictí i gcónaí ach le déanaí tá an leagan bhunaidh ag teacht ar ais ar léirsithe agus ar phicéid.