
Agus dúil sa chogaíocht ag dul as smacht ag na leibhéil is airde san Aontas Eorpach, tá an tAontas ag beartú €150 billiún a chaitheamh ar airm chogaíochta. Go sofhriotlach tugtar caitheamh ar chosaint air seo.
Cén fáth? Táimid faoi bhagairt, a deir siad, ón Rúis. Níl aon mhíniú ar an bhfáth go mbeadh an Rúis ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar thalamh a gcomharsan, ach is cuma sin mar tá an scéalaíocht fite fuaite inár dtuiscint anois gur dream an oilc iad na Rúisigh.
I ndáiríre, níl an ‘bhagairt’ seo ann. I gcás na hÉireann go háirithe, níl aon chúis réasúnach curtha chun cinn ag éinne faoi cén chúis a bheadh ag an Rúis le hionsaí a dhéanamh ar thír bheag i bhfad uatha.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!