Leis an mbeart is déanaí ón rialtas ionad siopadóireachta a chur isteach san áit a bhfuil Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill i lár na hardchathrach, ceanncheathrú stairiúil Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, tá dímheas lom á léiriú ag an rialtas agus ag lucht rialaithe an stáit ar stair mhuintir na hÉireann agus ar a stair bhunaithe féin. Léiríonn sé go lom freisin an iarracht athbhreithneach stair réabhlóideach fhrithchóilíneach na tíre a ghlanadh agus a dhíbirt ó chuimhne an phobail, nó ar a laghad neamhthábhacht iomlán a dhéanamh den tréimhse seo den stair.

Tá moladh ann ó fhorbróirí príobháideacha an lárionad iomráiteach seo a fháil ón rialtas agus ionad siopadóireachta a thógáil laistigh den fhoirgneamh, i gceantar den chathair ina bhfuil an-mhórán siopaí cheana féin. Tá sé mar aidhm ag An Post, a bhfuil seilbh acu ar an bhfoirgneamh faoi láthair, bogadh amach go hionad níos feiliúnaí agus seilbh an fhoirgnimh a aistriú ar ais chuig an rialtas.

Ní hé seo an chéad uair a rinneadh scrios ar ionaid na hardchathrach a bhaineann leis an Éirí Amach. Tá conspóid mhór ann i láthair na huaire faoi shraith foirgneamh 14 go 17 Sráid an Mhúraigh, an áit ar tháinig deireadh leis an Éirí Amach. Tá sé mar aidhm ag comhlacht réadmhaoine Hammersons ó Shasana ionad siopadóireachta a dhéanamh de cheantar iomlán Shráid an Mhúraigh agus Sráid Uí Chonaill Uachtarach. Cé go bhfuil ordú cúirte ann na foirgnimh seo a chosaint, tá drochbhail thubaisteach orthu agus ní chreideann feachtasóirí ar an oidhreacht réabhlóideach a chosaint go bhfuil iarracht á déanamh iad a chaomhnú.

I mí Mheán Fómhair 2020, leag forbróirí teach cónaithe Mhíchíl Uí Rathghaile ag 40 Páirc Hoireabaird i nDroichead na Dothra go talamh, cé go raibh cosc cúirte orthu é seo a dhéanamh. Níor cuireadh aon dlí ar na forbróirí as an sárú seo.  Leagadh Teach Chlanna Liam (Clanwilliam House) sna 1970í in ainneoin na bainte a bhí aige leis an láthair catha ar Dhroichead Shráid an Mhóta.  Níl mórán fágtha ach an oiread de láthair catha Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, áit a bhfuil Ospidéal San Séamas anois nó de Mhonarcha Brioscaí Jacob’s, an láthair ina raibh Tomás Mac Donncha, Mícheál Ó hAnnracháin agus Seán Mac Giolla Bhríde ina gceannairí, ceannairí a cuireadh chun báis.

As breis agus 80 suíomh nó láthair catha ann a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca 1916, níl ach níos lú ná 20 ceann ann a bhfuil aon bhail acu mar a bhí céad bliain ó shin. Ní dhearnadh aon iarracht oidhreacht an Éiríthe Amach a chosaint, mar a dhéanfaí in aon tír eile. Mar sin, tá an patrún scriosta seo soiléir ar bhonn córasach thar thréimhse seasca bliain.

Tá sé tábhachtach meon na ndaoine atá i gcumhacht sa stát seo a thuiscint, is cuma más Fianna Fáil, Fine Gael nó an bheirt acu atá i gcumhacht, nó na ndaoine atá i gceannas ar an státchóras, na hinstitiuidí stáit agus na meáin chumarsáise. Is nuachoilínigh agus nualiobrálaigh go smior iad a smaoiníonn orthu féin mar Eorpaigh seachas mar Éireannaigh, agus níl aon fhíormheas acu ar fhéiniúlacht náisiúnach na hÉireann in ainneoin na bréagchainte mílse a bhí le cloisteáil go fairsing ón mbunaíocht le linn an chomórtha 100 bliain thiar in 2016.

Is é fírinne an scéil go bhfuil nimh san fheoil acu don fhéiniúlacht seo, don stair náisiúnta, do chuimhne an phobail, don chultúr Gaelach, do chaomhnú nó athbheochan na Gaeilge, don Ghaeltacht, agus léiríonn polasaithe ar na réimsí seo thar bhreis is céad bliain an teip iomlán a bhaineann leis an stát na cúraimí seo a chomhlíonadh i gceart. Bí cinnte nach trí thaisme gur tharla an teip seo, agus in ainneoin a mbriathra séimhe, is trína mbearta a thuigfimid cé hiad féin i ndáiríre!

Cathal Ó Murchú

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.