Eoin Ó Murchú Más cur i gcéill an bhréag-idirbheartaíocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael le rialtas a bhunú i ndiaidh an toghcháin, agus ceapaim féin gurb ea, tá ábhar tábhachtach le plé maidir le polasaí eacnamaíoch na tíre sa todhchaí, ach níl comhartha ar bith ann go bhfuil plé ar bith ar siúl faoi…

Eoin Ó Murchú Ní fada anois go mbeidh Donald Trump ina shuí in oifig Uachtarán Mheiriceá, agus ar na ceisteanna móra atá á gcur ag an domhan ar fad tá cogadh na hÚcráine. An gcuirfidh Trump críoch leis sin, nó an mbeidh sé ar a chumas críoch a chur leis? Ní féidir riamh a bheith…

Eoin Ó Murchú I measc na maruithe agus an scriosta ar fad atá á ndéanamh ag Iosrael i gcogadh Ghaza, tuairiscítear go rialta gurb iad iriseoirí, chomh maith le hospidéil, na spriocanna, le breis agus 190 iriseoir Palaistíneach, ag caitheamh comharthaí preasa marcáilte go soiléir, i measc na marbh ó Dheireadh Fómhair 2023. Dúirt údaráis…

Kerron Ó Luain Más ‘tús maith leath na hoibre’, is drochthús é don Ghaeilge le linn shaolré an 34ú Dáil ceapachán Murphy mar Cheann Comhairle Ba é Cathal Brugha, réabhlóidí agus cainteoir Gaeilge, céad cheann comhairle na Dála in 1919. Léigh sé an Clár Daonlathach amach i nGaeilge agus reáchtáladh gnó na Dála go hiomlán…

D’athraigh Gisèle Pelicot ár meon, an feimineachas sa Fhrainc agus ar fud na cruinne, agus d’fhoghlaimíomar an iliomad uaithi. Lisa Nic an Bhreithimh Dúirt Gisèle Pelicot go bhfuil sé in am anois don náire a bheith ar an taobh eile, a aistriú ón íospartach go dtí an coireach. D’athraigh sí féin, a hionracas agus a…

Eoin Ó Murchú Ar nós Dracula, a d’éirigh gach oíche le dul sa tóir ar fhuil na mbeo, tá conradh trádála Mercosur tagtha chun solais arís, agus aontú idir an tAontas Eorpach agus tíortha Mercosur – an Airgintín, an Bhrasaíl, Uaraga, Paragua, an Bholaiv agus Veiniséala (atá ar fionraí ón mbloc faoi láthair). Bloc trádála…

Aodh McNeill Bhí scaireanna ag Eoin Hayes i gcomhlacht a bhfuil dlúthbhaint acu le cinedhíothú na Palaistíne, dhíol sé iad agus é ar tí suíochán dála a bhaint amach, agus anois is mar neamhspleách a bheas sé ag tabhairt faoin ghairm úr seo. D’inis sé bréaga do na meáin agus dá pháirtí polaitiúil faoi thráth…

Is beag faoiseamh é dóibh siúd atá thíos leis polaiteoirí ag maíomh go bhfuil a vóta tar éis fás. Kerron Ó Luain Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht. Ní raibh aon bhorradh i dtreo Shinn Féin agus na hEite-Clé san olltoghchán. Dealraíonn sé go bhfuil cuid de vótaí Shinn Féin, óna buaic de 34% i…

Eoin Ó Murchú Má tá díomá ar pháirtí ar bith i ndiaidh an toghcháin, is é an Comhaontas Glas atá ag caoineadh, ó thit an páirtí ó dheich suíochán dála go dtí ceann amháin, agus ba ar éigin a fuair sin an ceann sin fiú. Níor chuir sé aon íonadh orm gur fhulaing siad tubaist…
Cathal Ó Murchú Ó mhaidin Dé Céadaoin ar aghaidh tá sos comhraic le teacht i bhfeidhm idir Fórsaí Cosanta Iosrael agus Hezbollah (Arm Dé) sa Liobáin. Leanann an slad ar aghaidh i Stráice Gaza, áfach. Ó mhí Dheireadh Fómhair anuraidh, ar an seachtú lá den mhí sin, nuair a rinne Hamas ruathar ar lonnaíochtaí Iosraelacha…