Más cur i gcéill an bhréag-idirbheartaíocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael le rialtas a bhunú i ndiaidh an toghcháin, agus ceapaim féin gurb ea, tá ábhar tábhachtach le plé maidir le polasaí eacnamaíoch na tíre sa todhchaí, ach níl comhartha ar bith ann go bhfuil plé ar bith ar siúl faoi seo.
Ó na caogadaí i leith tá múnla eacnamaíochta na tíre seo bunaithe ar infheistíocht ó thar lear a mhealladh isteach anseo. Tá os cionn 300,000 duine fostaithe ag comhlachtaí eachtrannacha, comhlachtaí Meiriceánacha an chuid is mó díobh. Sin deich faoin gcéad den daonra oibre fostaithe go díreach de bharr infheistíocht dhíreach choigríche, mar aon le dúbailt an lín sin go hindíreach ag comhlachtaí a fhreastalann ar riachtanais na gcomhlachtaí móra.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!